Comórtas Peile na Gaeltachta
Comórtas peile Éireannach é Comórtas Peile na Gaeltachta atá á reáchtáil ó 1969 i leith. Bíonn sé ar siúl thar an deireadh seachtaine saoire bainc i Mí an Mheithimh de gnáth. Bíonn deis ag clubanna ó na Gaeltachtaí ar fud na tíre teacht le chéile chun an pheil agus an Ghaeilge a cheiliúradh.
Spórt | peil Ghaelach |
---|---|
Áit agus dáta | |
Dátaí | 1969 – |
Stair an Chomórtais
cuir in eagarTá Comórtas Peile na Gaeltachta á reáchtáil ó 1969 i leith. Is i nGaoth Dobhair a reáchtáladh an chéad dá chomórtas. Comórtas náisiúnta atá ann d’fhoirne na nGaeltachtaí ar fad. Reáchtáiltear na comórtais de réir contae ar dtúis agus bíonn na babhtaí náisiúnta ar siúl thar deireadh seachtaine na Cincíse de ghnáth. Reáchtáiltear na comórtais i gCumann Gaeltachta éigin gach aon bhliain.
Ó 1977 i leith tá comórtais sóisir agus Sinsir i gceist. Bíonn comórtas Cailín Gaelach ar siúl i rith na deireadh seachtaine chomh maith le ionadaithe ó gach aon chumann. Eagraítear comórtais Liathróid Láimhe freisin i rith na deireadh seachtaine. Eagraítear go leor imeachtaí sóisialta go háitiúil le linn na féile.
Tá craoladh beo á dhéanamh ag Raidió na Gaeltachta ar an gcomórtas ó 1972 agus craoltar na buaicphointí agus na cluichí ceannais ar TG4 ó 1997 anuas freisin. Baineann gach uile dhuine idir imreoirí, iomaitheoirí, lucht tacaíochta agus araile taitneamh agus tairbhe as an gcomórtas ar leith seo. Bíonn cluichí peile idir na mná óna Gaeltachtaí difriúla ar siúl chomh maith céanna.
Glac Coiste Náisiúnta Chomórtas Peile na Gaeltachta le moladh in 2024 a mbunreacht a athrú chun tacú le "spiorad an chomórtais maidir leis an nGaeilge". Féadfar cumann a bhíonn a n-imreoirí ag labhairt an Bhéarla "a chur ar fionraí ón gComórtas" mura ndéanann siad dul chun cinn i ndiaidh rabhadh a fháil. Togra eile ar ghlac an coiste leis ná nach mbeidh cead ag cumainn i gceantair nach bhfuil an Ghaeilge láidir iontu an chomórtas a óstáil. Is fiú "airgead mór d’aon chumann Comórtas Peile na Gaeltachta a reáchtáil agus na mílte ag freastal ar chluichí agus go leor deiseanna urraíochta ar fáil mar chuid de".[1]
Na Buaiteoirí Sinsir ó 1969 i leith
cuir in eagarBa iad Baile Chláir na Gaillimhe a thug leo craobh shinsir na mban ag an gComórtas in 2024 "den dara huair riamh agus an chéad ó Thuar Mhic Éadaigh in 2017." An Tearmann a tháinig sa dara háit, tar éis an bua a fháil an bhliain roimhe. Is iad Clann na nGael ón Mí a bhuaigh craobh shóisir na mban tar éis dóibh an ceann is fearr a fháil ar Naomh Fionnbarra ó Mhúsrcraí.[2]
Bliain | Buaiteoirí | Ionad | Tánaistí |
---|---|---|---|
Eagrán 2025 | Ráth Chairn | ||
Eagrán 2024 | Cill Chartha[3] | Cill na Martra | Naomh Muire |
Eagrán 2022 | Béal Átha’n Ghaorthaidh[4] | Leitir Móir | Naomh Conaill |
Eagrán 2018 | Bhulf Tón | Na Dúnaibh | An Cheathrú Rua |
Eagrán 2017 | An Ghaeltacht | Tuar Mhic Éadaigh | Cill Na Martra |
Eagrán 2016 | Naomh Conaill | Baile Bhuirne | An Ghaeltacht |
Eagrán 2015 | Naomh Conaill | Ard an Rátha | Cill Charta |
Eagrán 2014 | Cill Charta | Maigh Cuilinn | Micheál Breathnach |
Eagrán 2013 | Gaoth Dobhair | An Rinn | An Rinn |
Eagrán 2012 | Gaoth Dobhair | Gaoth Dobhair | Cill tSéadhna |
Eagrán 2011 | Cloich Cheannfhaola | Cloich Cheannfhaola | Maigh Cuilinn |
Eagrán 2010 | Béal an Mhuirthead | Béal an Mhuirthead | Cill tSéadhna |
Eagrán 2009 | Ard an Rátha | Ros Muc | Carna-An Caiseal |
Eagrán 2008 | Cill Charthaigh | Naomh Columba | Naomh Columba |
Eagrán 2007 | Gaoth Dobhair | Béal Átha an Ghaorthaidh | Tuar Mhic Éidig |
Eagrán 2006 | Béal an Mhuirthead | An Spidéal | Mícheál Breathnach |
Eagrán 2005 | Naomh Aban | Cill na Martra | Gaoth Dobhair |
Eagrán 2004 | Gaoth Dobhair | Gaoth Dobhair | Baile Mhúirne |
Eagrán 2003 | Naomh Abán | Baile Mhúirne | Baile Mhúirne |
Eagrán 2002 | Leitir Móir | Gaoth Dobhair | Baile Mhúirne |
Eagrán 2001 | Piarsaigh Na Dromada | Clochán Liath | Baile Mhúirne |
Eagrán 2000 | Cill tSéadhna | Baile Mhúirne | Cill Chartha |
Eagrán 1999 | An Rinn | An Ghaeltacht (Ciarraí) | Baile Mhúirne |
Eagrán 1998 | Cloich Cheannfhaola | Ard a’ Rátha | Cloich Cheannfhaola |
Eagrán 1997 | An Cheathrú Rua | An Cheathrú Rua | Corca Dhuibhne |
Eagrán 1996 | Baile Mhúirne | Corca Dhuibhne | Baile Mhúirne |
Eagrán 1995 | An Fhairche | Corca Dhuibhne | An Fhairche |
Eagrán 1994 | Gaoth Dobhair | Gaoth Dobhair | An Cheathrú Rua |
Eagrán 1993 | Rath Cairn | Cloich Cheannfhaola | N. Anna Leitir M. |
Eagrán 1992 | Indreabhán | Cloich Cheannfhaola | An Cheathrú Rua |
Eagrán 1991 | Béal Átha an Ghaort. | Cill Chartha | Maigh Cuilinn |
Eagrán 1990 | Gallarus | Cill Chartha | Corca Dhuibhne |
Eagrán 1989 | Gleann Cholm Cille | Cill Chartha | Naomh Columba |
Eagrán 1988 | An Cheathrú Rua | Múscraí | Cill Chartha |
Eagrán 1987 | Béal an Mhuirthid | Cill Chartha | An Fhairche |
Eagrán 1986 | Na Dúnaibh | Gleann Cholm Cille | An Fhairche |
Eagrán 1985 | Gallarus | Béal a’ Mhuirthid | Corca Dhuibhne |
Eagrán 1984 | An Rinn | Béal a’ Mhuirthid | Ard a’ Rátha |
Eagrán 1983 | Gaoth Dobhair | Na Dúnaibh | Béal a’ Mhuirthid |
Eagrán 1982 | Gaoth Dobhair | Baile Mhúirne | Béal a’ Mhuirthid |
Eagrán 1981 | Indreabhán | Baile Mhúirne | Naomh Ciarán |
Eagrán 1980 | An Fhairche | Baile Mhúirne | An Fhairche |
Eagrán 1979 | Baile Mhúirne | Baile Mhúirne | Corca Dhuibhne |
Eagrán 1978 | Gleann Cholm Cille | Gleann Cholm Cille | An Fhairche |
Eagrán 1977 | An Daingean | Na hAghasaigh | Baile Mhúirne |
Eagrán 1976 | An Cheathrú Rua | Gaoth Dobhair | Baile Mhúirne |
Eagrán 1975 | Gaoth Dobhair | Baile Mhúirne | N. Anna L. Móir |
Eagrán 1974 | Baile Mhúirne | Na hAghasaigh | Naomh Conall |
Eagrán 1973 | An Cheathrú Rua | Maigh Eo | Gaoth Dobhair |
Eagrán 1972 | An Daingean | Na hAghasaigh | Baile Mhúirne |
Eagrán 1971 | Baile Mhúirne | Maigh Cuilinn | Baile Mhúirne |
Eagrán 1970 | Gaoth Dobhair | Conamara | Baile Mhúirne |
Eagrán 1969 | Gaoth Dobhair | Gaoth Dobhair | Corca Dhuibhne |
Comórtas na bliana 2005
cuir in eagarBhí an comórtas ar bun i gCill na Martra i nGaeltacht Mhúscraí anuraidh. D'éirigh thar cionn leis an gcomórtas agus tugadh moladh mór do lucht eagraithe an chomórtais. Bhí ollphobal ar an láthair in aice na páirce áit a raibh deis ag daoine greim a ithe agus bhí sé le rá ag daoine a d'fhreastail ar an ócáid go raibh béilte breátha ar fáil. Bhí béar lonnaithe san ollphobal agus reáchtáladh na h-imeachtaí sóisialta ar fad ann.
Comórtas na bliana 2009
cuir in eagarBhí Comórtas Peile Na Gaeltachta i Ros Muc ar an deireadh seachtaine saoire i mí an Mheithimh 2009 (30/05/09 - 01/06/09). Bhí ollphuball le taobh na páirce. Bhí bia le fail ann trí an lae agus béar ann freisin. Bhí ceol ann gach oíche (Dé h-Aoine, Satharn agus Dé Domhnaigh).[1] Curtha i gcartlann 2008-12-06 ar an Wayback Machine
Comórtas na bliana 2011
cuir in eagarBhí Comórtas Peile Na Gaeltachta i gCloich Cheannfhaola ar an deireadh seachtaine saoire i mí an Mheithimh 2011(30/05/09 - 01/06/09). B'í seo an chéad bhliain a raibh Na Gaeil Óga CLG ag glacadh páirte. Bhí ollphuball le taobh na páirce. Bhí bia le fail ann trí an lae agus béar ann freisin. Bhí ceol ann gach oíche chomh maith le diosco agus Comórtas an Chailín Ghaelaigh ar oíche Dhomhnaigh.
Comórtas na bliana 2024
cuir in eagarBhí an comórtas ar siúl i gCill na Martra, i gContae Chorcaí. Ghlac tríocha foireann páirt sa chomórtas. I gcluichí ceannais na mban, bhí an bua ag Baile Chláir na Gaillimhe agus Clann na nGael.
I gcluichí ceannais na bhfear, bhuaigh Cill Chartha agus Naomh Muire, dhá fhoireann ó Dhún na nGall.
Comórtas na bliana 2025
cuir in eagarBhí an comórtas ar siúl i Ráth Chairn, i gContae na Mí.
Na Buaiteoirí Sóisir 1977 - 2014
cuir in eagarBliain | Buaiteoirí | Ionad | Tánaistí |
---|---|---|---|
2014 | Oileaín Árainn | Moindearg | |
2013 | Gaeil Fhanada | An Rinn | Oileáin Árann |
2012 | An Tearmann | Naomh Náille | |
2011 | Naomh Mhuire | Cloich Cheannfhaola | Laochra Loch Lao |
2010 | An Spidéal | Béal an Mhuirthead | x |
2009 | Oileáin Arann | Ros Muc | Na Piarsaigh |
2008 | x | Naomh Columba | |
2007 | x | Béal Átha an Ghaorthaidh | x |
2006 | x | An Spidéal | x |
2005 | x
Lios Póil |
Cill na Matra | |
2004 | x | Gaoth Dobhair | x |
2003 | x
Lios Póil| |
Baile Mhúirne | |
2002 | Béal Átha a’Ghaorthaidh | Gaoth Dobhair | An Rinn |
2001 | Piarsaigh na Dromada | An Dromad | Tuar Mhic Eadaigh |
2000 | Mícheál Breathnach | Baile Mhúirne | Cill Chartha |
1999 | Lios Póil | An Ghaeltacht (Ciarraí) | Tuar Mhic Éadaigh |
1998 | Piarsaigh na Dromada | Ard a’ Rátha | Béal Átha a’Ghaorthaidh |
1997 | Piarsaigh na Dromada | An Cheathrú Rua | Naomh Columba B |
1996 | Mícheál Breathnach | Corca Dhuibhne | Naomh Mícheál Dhún na nGall |
1995 | Béal Átha a’Ghaorthaidh | Corca Dhuibhne | Carna-Caiseal |
1994 | Piarsaigh na Dromada | Gaoth Dobhair | Naomh Muire Dhún na nGall |
1993 | Rath Cairn | Cloich Cheannfhaola | An Rinn |
1992 | Béal Átha a’Ghaorthaidh | Cloich Cheannfhaola | Acaill |
1991 | Béal Átha a’Ghaorthaidh | Cill Chartha | Clann Chol. Mhuire |
1990 | Corca Dhuibhne | Cill Chartha | Piarsaigh na Dromada |
1989 | Cill Chartha | Cill Chartha | Na Piarsaigh |
1988 | Rath Cairn | Múscraí | Tuar Mhic Éadaigh |
1987 | Naomh Anna Leitir Móir | Cill Chartha | Gaoth Dobhair |
1986 | An Clochán Liath | Gleann Cholm Cille | Rath Cairn |
1985 | Gallarus | Béal a’ Mhuirthid | Corca Dhuibhne |
1984 | Béal Átha a’Ghaorthaidh | Béal Átha a’Ghaorthaidh | Clann Chol. Mhuire |
1983 | Tuar Mhic Éadaigh | Na Dúnaibh | An Cheathrú Rua |
1982 | Na Dúnaibh | Baile Mhúirne | Cloich Cheannfhaola |
1981 | Na Dúnaibh | Baile Mhúirne | Naomh Mícheál |
1980 | N. Mícheál B. na Sceilge | Baile Mhúirne | Tuar Mhic Éadaigh |
1979 | N. Mícheál B. na Sceilge | Baile Mhúirne | Gleann Fhinne |
1978 | Carna | Gleann Cholm Cille | Naomh Mícheál |
1977 | An Fhairche | Na hAghasaigh | C.L. Bréanainn |
Féach freisin
cuir in eagarTagairtí
cuir in eagar- ↑ Pádraic Ó Ciardha (2024-06-07). "Cead Comórtas Peile na Gaeltachta a reáchtáil le baint de chumainn i gceantair atá lag ó thaobh na Gaeilge de". Tuairisc.ie. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2024-06-07. Dáta rochtana: 2024-07-11.
- ↑ "Baile Chláir na Gaillimhe agus Clann na nGael ag ceiliúradh a mbuanna i gcluichí ceannais na mban ag Comórtas Peile na Gaeltachta". Tuairisc.ie (2024-06-04). Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2024-06-04. Dáta rochtana: 2024-07-11.
- ↑ Pádraic Ó Ciardha (4 Meitheamh 2024). "Fir Thír Chonaill ag ceiliúradh i gCill na Martra agus na coirn tugtha leo ag Cill Chartha agus Naomh Muire" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2024-06-04.
- ↑ "First Gaeltacht title for brilliant Béal Átha’n Ghaorthaidh" (en). echo live (2022-06-16). Dáta rochtana: 2024-06-04.
Léitheoireacht bhreise
cuir in eagar- Ó Ciardha, Mártan. ‘Sonas trí sheans’ ag Comórtas Peile na Gaeltachta. (2024). Tuairisc.ie