Gaeltacht na Mí
Tá dhá cheantar i gceist atá suite i nGaeltacht na Mí — Ráth Cairn nó Rath Chairn (atá suite gar do Bhaile Átha Buí) agus Baile Ghib (atá suite leath bhealach idir an Uaimh agus Ceanannas na Mí). Bunaíodh Gaeltacht na Mí sa bhliain 1935 nuair a d'aistrigh an rialtas timpeall 400 duine as a bpobal féin i gConamara go tithe nua in oirthear na tíre i gContae na Mí. Fuair Ráth Cairn agus Baile Ghib stádas Gaeltachta sa bhliain 1967.
Is minic a luaitear Ráth Chairn ar an nuacht nó i gcúrsaí reatha Gaeltachta, ach go minic déantar dearmad ar Bhaile Ghib ó thuaidh de Ráth Chairn in aice leis an Uaimh.
Daoine cáiliúla a bhfuil baint acu le Gaeltacht na Mí
cuir in eagar- Darach Ó Catháin (Ráth Cairn)
- Bláthnaid Ní Chofaigh (Ráth Cairn)
- Hector Ó hEochagáin (Baile Ghib)
- Liam Mac Cóil (Ráth Cairn)
Féach freisin
cuir in eagarIs síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |