Béal Átha an Ghaorthaidh

baile i gContae Chorcaí

Ceantar Gaeltachta i gCnoic na Seithe i gContae Chorcaí is ea Béal Átha an Ghaorthaidh[1], le daonra thart faoi 750.

Bosca Geografaíocht PholaitiúilBéal Átha an Ghaorthaidh

Cuir in eagar ar Wikidata

Suíomh
Map
 51°51′N 9°14′W / 51.85°N 9.23°W / 51.85; -9.23
Stát ceannasachÉire
Cúige ÉireannachCúige Mumhan
Contae in ÉirinnContae Chorcaí Cuir in eagar ar Wikidata
Tíreolaíocht
Airde95 m Cuir in eagar ar Wikidata
Aitheantóir tuairisciúil
Lonnaithe i gcrios ama
Eile

Logainm.ie11245
Suíomh gréasáinballingeary.com… Cuir in eagar ar Wikidata

Scoileanna cuir in eagar

Tá dhá scoil sa cheantar: Scoil Fhionnbarra (scoil náisiúnta) agus Scoil Mhuire (ceardscoil). Tá tuairim is 120 dalta ag freastal ar scoil Fhionnbarra agus thart faoi 75 dalta ag freastal ar Scoil Mhiure.

Coláiste na Mumhan cuir in eagar

Coláiste samhraidh is ea Coláiste na Mumhan. Sa bhliain 1904 a bunaíodh an Coláiste agus is é an t-ainm a bhí air ag an am ná "Coláiste Múinteoireachta na Mumhan" - ag díriú go príomha ar theagasc na Gaelainne do mhúinteoirí. Thosnaigh an coláiste le foirgneamh ar chíos ón Sagart Paróiste. Ina dhiaidh sin leathnaíodh amach na cúrsaí a bhí ag an gColáiste do dhéagóirí Chontae Chorcaí, agus ansin go dtí an tír uilig

An Ghaelainn i mBéal Átha an Ghaorthaidh cuir in eagar

De réir daonáireamh Phoblacht na hÉireann 2011 bhí cónaí ar 544 duine i mBéal Átha an Ghaorthaidh. Dúirt 435 (83.5% de dhaoine 3 mbliana d'aois +) duine go raibh an Ghaelainn acu agus dúirt 186 duine (35.7%) go n-usáideánn siad an Ghaelainn go laethúil lasmuigh den chóras oideachais.

An Cairdinéal Manning cuir in eagar

Rugadh agus tógadh an Cairdinéal Timothy Manning (15 Lúnasa, 1909—23 Meitheamh, 1989) i mBéal Átha an Ghaorthaidh sula ndeachaigh sé go Meiriceá. Ba iad Cornelius Mannning agus Margaret Cronin a thuismitheoirí.[2]

Cumann peile cuir in eagar

cumann peile ag Béal Átha 'n Ghaorthaidh. Bunaiodh sa bhliain 1957 é. Ba é An tAthair Micheál Ó Murchú an chéad uachtarán. Ba é Seán Ó Rinn an Leas-Uachtarán agus ba é Liam Ó Seartan an cathaoirleach. Bhí Conchúr ó Cróinín mar chaptaen ar an bhfoireann.

Tagairtí cuir in eagar

  1. Béal Átha an Ghaorthaidh/Ballingeary | logainm.ie” (ga). Bunachar Logainmneacha na hÉireann (Logainm.ie). An Coimisiún Logainmneacha. Dáta rochtana: 2023-06-22.
  2. http://www.fiu.edu/~mirandas/bios-m.htm#Manning Miranda, Salvador. The Cardinals of the Holy Roman Churcb (as Béarla)

Naisc sheachtracha cuir in eagar