Cill na Martra
Sráidbhaile beag in Éirinn is ea Cill na Martra. Tá Cill na Martra suite in iardheisceart Chontae Chorcaí i nGaeltacht Mhúscraí. Tá an sráidbhaile suite 48 ciliméadar siar ó thuaidh ó Chathair Chorcaí, 7 míle ó Mhaigh Chromtha agus naoi gciliméadar ó Bhaile Mhúirne. Tuath na nDromann a thugtaí ar Chill na Martra fadó.
Cill na Martra | ||||
---|---|---|---|---|
Suíomh | ||||
| ||||
Stát ceannasach | Éire | |||
Cúige Éireannach | Cúige Mumhan | |||
Contae in Éirinn | Contae Chorcaí | |||
Tíreolaíocht | ||||
Airde | 118 m | |||
Aitheantóir tuairisciúil | ||||
Lonnaithe i gcrios ama |
Scoil
cuir in eagarTá bunscoil amháin suite sa cheantar. Scoil Lachtan Naofa a thugtar uirthi. Is é Naomh Lachtain éarlamh an cheantair.
Iompar
cuir in eagarTá an sráidbhaile suite timpeall is dhá chiliméadar ón mbóthair N22, agus is é Aerfort Chorcaí an t-aerfort is gaire dó.
Gaelainn
cuir in eagarÚsáideann 31% den daonra an Ghaelainn ar bhonn laethúil.
Naisc sheachtracha
cuir in eagar- Gaeltacht Mhúsgraí Curtha i gcartlann 2008-09-04 ar an Wayback Machine