Máirtín Ó Conaill
Is iar-dhuine spóirt Éireannach é Máirtín Ó Conaill (Béarla: Martin O'Connell), a d'imir peil Ghaelach le foireann sinsir na Mí ó 1984 go dtí gur éirigh sé as sa bhliain 1997. Mar aitheantas ar an méid a bhain sé amach ar an bpáirc imeartha, cuimsíodh i bhFoireann Pheile na Mílaoise é.
Eolas pearsanta | ||
Spórt | Peil Ghaelach | |
Ainm Béarla | Martin O'Connell | |
Dáta breithe | ||
Dáta báis | ||
Áit bhreithe | Contae na Mí | |
Airde | ||
Leasainm | ||
Eolas club | ||
Club | ||
Ionad | Leath chúlaí | |
Club(anna) | ||
Club | Bliain | Cluichí (pointí) |
Naomh Máirtín | 1970idí - 1990idí | |
Idirchontae | ||
Contae | An Mhí | |
Ionad | Leath chúlaí | |
Torthaí | ||
Contae | Bliain | Cluichí (pointí) |
An Mhí | 1980idí - 1990idí | |
Duaiseanna | ||
Craobh Laighean | 6 | |
Craobh Peil Sinsearach na hÉireann | 3 | |
Sárimreoirí | 4 |
Gairm imeartha
cuir in eagarIn aghaidh Chontae na hIarmhí a d'imir Ó Conaill a chéad chluiche sa chraobh thiar sa bhliain 1984. Bhí sé mar chnámh droma den fhoireann a bhuaigh Corn Mhic Uidhir dhá bhliain i ndiaidh a chéile idir 1986 agus 1987 faoi bhainisteoireacht Seán Boylan, agus arís sa bhliain 1996. Chríochnaigh sé a ghairm le sé bhua i gCraobh Laighean, trí bhua sa tSraith Náisiúnta agus bonn amháin i gCorn an tSlánchéid. Bronnadh ceithre ghradam All-Star air sna blianta 1988, 1990, 1991 agus 1996. Roghnaíodh é mar Texaco Peileadóir na Bliana agus All-Star Peileadóir na Bliana chomh maith sa bhliain chéanna.
Cé go gcuimhnítear Máirtín Ó Conaill mar fhear spóirt den chéad scoth, bhí conspóid ann sa bhliain 1996 nuair a cuireadh líomhaintí ina leith gur sheas sé ar cheann Brian Dooher i gcluiche in aghaidh Thír Eoghain, rud a bhí séanta ag Ó Conaill.
Tagairtí
cuir in eagar
Foireann Pheile na Mílaoise (2000) |
||
1 Dónal Ó Caoimh | 2 Éanna Ó Callaráin | 3 Seosamh Ó Ceocháin | 4 Seán Ó Flannagáin | 5 Seán Ó Murchú | 6 S. S. Ó Rathaille | 7 Máirtín Ó Conaill | 8 Mícheál Ó Conaill | 9 Tomás Ó Murchú | 10 Pádraig Ó Spealáin | 11 Seán Puirséil | 12 Séan Ó Néill | 13 Caoimhín Ó hIfearnáin | 14 Tomás Ó Langáin | 15 Mícheál Mac Síthigh | |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |