Sraithchomórtas Peile Náisiúnta

(Athsheolta ó Sraith Peile Náisiúnta)

Comórtas peile Éireannach is ea Sraithchomórtas Peile Náisiúnta (Béarla: National Football League no Allianz National Football League), a eagraíonn Cumann Lúthchleas Gael go bliantúil san Earrach (Feabhra - Aibreán). Níl an tsraith chomh tábhachtach is atá Craobh Peile na hÉireann,[1] rud atá fíor maidir leis an gcomórtas iomána freisin. Ar an taobh eile, tá stair fhada bhródúil ag na sraitheanna náisiúnta. Craoltar cluichí beo ar TG4 agus Setanta Sports.

WD Bosca Sonraí Comórtas SpóirtSraithchomórtas Peile Náisiúnta
Cineálcomórtas spóirt Cuir in eagar ar Wikidata
Spórtpeil Ghaelach Cuir in eagar ar Wikidata
EagraíCumann Lúthchleas Gael Cuir in eagar ar Wikidata
Rannpháirtithe32 Cuir in eagar ar Wikidata
Áit agus dáta
TírÉire agus an Ríocht Aontaithe Cuir in eagar ar Wikidata
Dátaí1925 – Cuir in eagar ar Wikidata

Is é Allianz an t-urraitheoir faoi láthair.

Stair cuir in eagar

Cuireadh an chéad chomórtas ar siúl i rith an gheimhridh 1925-1926, mar a bhí an nós suas go dtí an bhliain 2002 nuair a bogadh é go dtí an tEarrach. Bhuaigh Laois an chéad chomórtas. Bhí suim ag na foirne go léir sa chomórtas ón tús, ach bhaintí úsáid as den chuid is mó chun cleachtas a fháil sular thosaigh Craobh na hÉireann sa tsamhradh.

Buaiteoirí cuir in eagar

Foireann Buaiteoirí Dara háit Blianta
  Ciarraí 20 6 1928, 1929, 1931, 1932, 1959, 1961, 1963, 1969, 1971, 1972, 1973, 1974, 1977, 1982, 1984, 1997, 2004, 2006, 2009, 2017
  Baile Átha Cliath 13 10 1953, 1955, 1958, 1964, 1976, 1978, 1987, 1991, 1993, 2013, 2014, 2015, 2016, 2018
  Maigh Eo 11 7 1934, 1935, 1936, 1937, 1938, 1939, 1941, 1949, 1954, 1970, 2001
  Corcaigh 8 6 1952, 1956, 1980, 1989, 1999, 2010, 2011, 2012
  An Mhí 7 9 1933, 1946, 1951, 1975, 1988, 1990, 1994
  An Doire 6 5 1947, 1992, 1995, 1996, 2000, 2008
  Gaillimh 4 6 1940, 1957, 1965, 1981
  An Dún 4 4 1960, 1962, 1968, 1983
Nua-Eabhrac 3 7 1950, 1964, 1967
  Tír Eoghain 2 2 2002, 2003
  Laois 2 1 1926, 1986
  An Cabhán 1 5 1948
  Ard Mhacha 1 3 2005
  Dhún na nGall 1 3 2007
  Ros Comáin 1 2 1979
  Uíbh Fhailí 1 2 1998
  Muineachán 1 1 1985
  An Longfort 1 0 1966

Tagairtí cuir in eagar

  1. "Cóip cartlainne". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2016-03-05. Dáta rochtana: 2009-01-06.

Naisc sheachtracha cuir in eagar