Sárimreoirí na Bliana
Sraith duaiseanna iad na gradaim CLG Sárimreoirí na Bliana (Béarla: GAA All-Star Awards) a bhronnann Cumann Lúthchleas Gael go bliantúil ar na himreoirí is fearr sna cluichí Gaelacha - peil Ghaelach agus iomáint. Chomh maith le sin, roghnaítear imreoir amháin i ngach spórt mar Imreoir na Bliana. Tugadh na céad gradaim amach sa bhliain 1971, agus b'é Damien Ó Máirtín as Uíbh Fhailí an chéad bhuaiteoir.
Cineál | gradam |
---|---|
Bailíocht | 1971 - |
Spórt | iomáint agus peil Ghaelach |
Is iad Vodafone na hurraitheoirí sa lá inniu.
Cúlra
cuir in eagarThosaigh an nós seo sna 1960idí leis an Gradam Chúchulainn, idir na blianta 1963 agus 1967, chun na himreoirí ab fhearr sa tír a chomóradh. Tá an córas atá againn inniu bunaithe ar an gcóras seo, agus tosaíodh Sárimreoirí na Bliana go hoifigiúil sa bhliain 1971. Is iad na hiriseoirí agus na meáin spóirt a roghnaíonn "foireann na sárimreoirí", nó na himreoirí is fearr i ngach áit ar an bpáirc. Is cuma cén club nó contae atá i gceist, agus is féidir níos mó ná imreoir amháin a roghnaigh as aon fhoireann amháin. Tar éis deireadh na gcluichí ceannais san Fhómhair, ainmnítear na himreoirí is fearr ón bhliain caite. Fógraítear na buaiteoirí níos moille i mí na Samhna, ag searmanas eagraithe ag an gCLG. Buann na fir turas thar lear chomh maith, agus glacann siad páirt i gcluiche speisialta.
Sárimreoirí faoi láthair
cuir in eagarAinmniúcháin
cuir in eagarIomáint
cuir in eagarFógraíodh na hainmniúcháin don bhliain 2009 ar an 24 Deireadh Fómhair.
Cúlbáirí: Breandán Ó Coimín (Tiobraid Árann), Cliontún Ó hAonasa (Port Láirge), P. S. Ó Riain (Cill Chainnigh)
Lán-tacaithe: J. J. Ó Dúláinne (Cill Chainnigh), Mícheál Caomhánach (Cill Chainnigh), Seán Tirial (Cill Chainnigh), Pádraig Ó Meachair (Tiobraid Árann), Pádraig Mac an Ghaill (Tiobraid Árann), Ollie Ó Cainín (Gaillimh), Fearghal Ó Móra (Gaillimh), Nollaig Ó Conchúir (Port Láirge), Seán Ó Néill (Corcaigh)
Leath-tacaithe: Seán Tennyson (Cill Chainnigh), Tomás Breatnach (Cill Chainnigh), Mícheál Breatnach (Port Láirge), Antóin de Brún (Port Láirge), Conchúr Mac Mathúna (Tiobraid Árann), Déaglán Ó Fainín (Tiobraid Árann), Seán Ó Laoi (Gaillimh), Marcas Ó Foghlú (Luimneach), Stiofán Ó hAidhne (Baile Átha Cliath)
Lár na páirce: Mícheál Rís (Cill Chainnigh), Ailéin Mac Craib (Baile Átha Cliath), Seán Mac Craith (Tiobraid Árann), Séamas Uadlóg (Tiobraid Árann), Gavin Ó Mathúna (Luimneach), Séamas Ó hÍcí (Luimneach)
Leath-tosaithe: Éamann Ó Braonáin (Cill Chainnigh), Eoin Ó Lorcáin (Cill Chainnigh), Anraí Ó Sibhleáin (Cill Chainnigh), Séamus Ó Callanáin (Tiobraid Árann), Labhrás Ó Coirbín (Tiobraid Árann), Pádraig Ó Ciarmhaic (Tiobraid Árann), Seán Ó Briain (Tiobraid Árann), Beircheart Ó Conchúir (Corcaigh), Aonghas Ó Callanáin (Gaillimh)
Lán-tosaithe: Eoin Ó Ceallaigh (Tiobraid Árann), Nollaig Mac Craith (Tiobraid Árann), Seosamh Ó Cainín (Gaillimh), Damian Ó hAodha (Gaillimh), Máirtín Mac Cumascaigh (Cill Chainnigh), Risteard de Paor (Cill Chainnigh), Daithí Ó Ceallacháin (Baile Átha Cliath), Daithí Ó Treasaigh (Baile Átha Cliath), Seán Ó Maoláin (Port Láirge)
Iománaí na Bliana: Labhrás Ó Coirbín (Tiobraid Árann), Seán Ó Maoláin (Port Láirge), Tomás Breatnach (Cill Chainnigh)
Óg-iománaí na Bliana: Pádraig Ó Meachair (Tiobraid Árann), Nollaig Mac Craith (Tiobraid Árann), Seosamh Ó Cainín (Gaillimh)