Colm Cúipéir

imreoir peil Ghaelach

Peileadóir is ea Colm Cúipéir (Béarla: Colm "Gooch" Cooper) a rugadh ar an 3 Meitheamh 1983. Is as Contae Chiarraí é. Imríonn sé le foireann Chiarraí. Tugtar "Gooch" air mar leasainm.

Colm Cúipéir
Colm Cooper from Sean Marty Lockhart & Colm Cooper - 2009.jpg
Saol
Eolas breitheCill Airne, 3 Meitheamh 1983 (39 bliain d’aois)
NáisiúntachtÉire
Oideachas
Alma materColáiste Bhréanainn, Cill Airne
Gairm
Gairmimreoir peile Gaelaí
Conair
  Foireann Comórtas
2000- Dr Crokes GAA (en) Aistrigh
2002-2017 Foireann Sinsir Peile Chiarraí
Airde1.83 m
Duaiseanna

SaolCuir in Eagar

Thosaigh Cooper ag imirt le foireann Chiarraí sa bhliain 2002, agus bhuaigh se gradam All-Star an bhliain sin. Bhuaigh “Gooch” corn na hÉireann don chéad uair sa bhliain 2004 agus bronnadh All-Star air arís. Chaill Ciarraí an cluiche ceannais an bhliain ina dhiaidh sin ach in ainneoin sin fuair Cooper gradam All-Star.

Bhuaigh Ciarraí ar Mhaigh Eo i gcluiche ceannais 2006. Sa bhliain 2007, bhuaigh siad craobh na hÉireann arís agus b'All-Star é Cooper. D'imir siad sa chluiche ceannais don chúigiú bliain as a chéile sa bhliain 2008 ach bhuaigh Tír Eoghain orthu.

Sa bhliain 2009, ní raibh Cooper ag imirt ag barr a réime ag tús na bliana. Bhí sé réasúnta ciúin sna chluichí i gCraobh na Mumhan, agus ansin fágadh seisean agus Tomás Ó Sé ar an taobhlíne don chluiche in aghaidh Aontroma. Tháinig sé chun solais gurb é pionóis a bhí i gceist, ós rud é go raibh an bheirt acu amach ar an ól tar éis chluiche amháin eile. Mar sin féin, seoladh chun pháirc é níos déanaí sa chluiche, áfach, agus bhí páirt lárnach aige i mbua na Ríochta ar an lá seo. Bhí an chuma ar an scéal go raibh ceacht foghlamtha ag Cooper, agus chruthaigh sé an méid sin le taispeántas thar barr in aghaidh Bhaile Átha Cliath sa chéad chluiche eile. D'aimsigh sé cúl cinniúnach go luath ar an lá seo, agus chríochnaigh sé an cluiche le 1-08. Bhí bua ollmhór ag an Ríocht, le seacht gcúilín déag le spáráil i ndeireadh na dála.

TagairtíCuir in Eagar