Alan Ó Brógáin
Is peileadóir Gaelach as Baile Átha Cliath é Alan Ó Brógáin (Alan Brogan sa Bhéarla). D'imir sé le Naomh Oilibhéar Pluincéad/Eoghan Ruadh agus le Baile Átha Cliath idir 2002 agus 2015. Is mac é le laoch peile Bhaile Átha Cliath Bernard Brogan Sinsir agus is deartháir é le Bernard Brogan Sóisear agus Paul Brogan. Roghnaíodh é mar chaptaen Baile Átha Cliath don shéasúr 2008 in áit iar-chaptaen na foirne 'Collie Moran'.
Beathaisnéis | |||||||||||||||||
---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|
Breith | 11 Eanáir 1982 43 bliana d'aois Baile Átha Cliath, Éire ![]() | ||||||||||||||||
Gníomhaíocht | |||||||||||||||||
Gairm | imreoir peile Gaelaí ![]() | ||||||||||||||||
Spórt | peil Ghaelach ![]() | ||||||||||||||||
| |||||||||||||||||
Teaghlach | |||||||||||||||||
Athair | Bernard Brogan | ||||||||||||||||
Siblín | Bernard Brogan agus Paul Brogan | ||||||||||||||||
Gradam a fuarthas |
D'imir Ó Brógáin ar son na tíre (Éire), a Chúige (Laighean) agus a Chontae (Baile Átha Cliath).
Bhí Brogan ar fhoireann Bhaile Átha Cliath nuair a bhain siad Craobh Laighean amach i 2002, 2005, 2006, 2007, 2008 agus i 2009 mar chaptaen. Bhain sé Craobh na hÉireann agus Craobh Laighean leis an bhfoireann faoi 21 i 2003. Scóráil Brogan 9 bpointe ar son na hÉireann nuair a bhain siad in éadan na hAstráile i 2004.
2006
cuir in eagarFuair Brogan 1-8 le haghaidh Baile Átha Cliath sa League i 2006, cé go raibh sé in easnaimh de dheasca cárta dearg a fháil in éadan Tír Eoghain. Cuireadh cosc imeartha air ar feadh ocht seachtaine faoi choimirce riail 140 an CLG ach cuireadh deireadh leis an gcosc sin de bharr 'teicniúlacht.'
Bhí Ó Brógáin ar fhoireann Bhaile Átha Cliath i gCraobh Sinsear Uile-Éireann Peile 2006 agus bhain sé bonn óir amach i gCraobh Laighean i 2006. Ainmníodh Alan ar fhoireann GPA na bliana agus bronnadh 'allstar' air i 2006. D'imir sé ar son na hÉireann in éadan na hAstráile, agus scóráil sé ceithre phointí sa chéad chluiche. Bhí Éire chun tosaigh le hocht bpointe tar éis an chéid chluiche. Críochnaigh an cluiche in éadan na hAstráile leis an scór 48 - 40. Scóráil Alan 2 'overs' sa dara chluiche in éadan na hAstráile agus chaill foireann na hÉireann an 'series' 79 - 109.
Rudaí Fánacha
cuir in eagar- Is deartháir é leis an t-imreoir clúiteach Bernard Brogan.
Tagairtí
cuir in eagarNaisc sheachtracha
cuir in eagar- Naomh Oilibhéar Pluincéad/Eoghan Ruadh (as Béarla) Curtha i gcartlann 2006-01-10 ar an Wayback Machine
- HILL16.IE (as Béarla)
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |