Loch Garman (Dáilcheantar)
Is Dáilcheantar 4 suíochán é Loch Garman.
Loch Garman | |||||
---|---|---|---|---|---|
Suíomh | |||||
Stát ceannasach | Éire | ||||
Cúige Éireannach | Cúige Laighean | ||||
Contae in Éirinn | Contae Loch Garman | ||||
Sonraí stairiúla | |||||
Cruthú | 1921 |
Stair
cuir in eagarBhí Teachta Dála ag Páirtí an Lucht Oibre i Loch Garman le cuimhne na ndaoine le fada, mar shampla Brendan Corish sa 20ú haois agus Brendan Howlin go dtí 2024.
Cuireadh sciar mór de thuaisceart Loch Garman le sciar de dheisceart Chill Mhantáin chun dáilcheantar nua a chruthú in 2024. Mar sin bhí suíochán amháin níos lú le líonadh ná in Olltoghchán 2020.
Toghcháin
cuir in eagarOlltoghchán 2016
In Olltoghchán 2016 bhí cúig shuíochán le líonadh sa dáilcheantar.[1]
Toghadh Brendan Howlin (Lucht Oibre), Paul Kehoe (FG), Michael D'Arcy (FG, )Mick Wallace (Ind4Ch) agus James Browne (FF).
Olltoghchán 2020
In Olltoghchán 2020 bhí cúig shuíochán le líonadh sa dáilcheantar.[1]
Toghadh Brendan Howlin (Lucht Oibre), Paul Kehoe (FG), Verona Murphy (Nspl), Johnny Mythen (SF) agus James Browne (FF).
Nuair a bhí Mick Wallace i bParlaimint na hEorpa le linn 2019-2024, bhí bratach an neamhspleáigh i Loch Garman ardaithe ag Verona Murphy, a toghadh go héasca in 2020. Cúlra Fine Gael atá aici agus tá gréasán tacaíochta láidir aici sa Wexford Independent Alliance. Is minic a cloistear í ar na meáin náisiúnta.
Olltoghchán 2024
Sheas Brendan Howlin, iarcheannaire ar Pháirtí an Lucht Oibre, agus Paul Kehoe (FG), siar in 2024.
D’fhág Mick Wallace (Ind4Ch) sách deireanach é a fhógairt go poiblí go mbeadh sé ag seasamh sa dáilcheantar seo agus é ag súil an suíochán a ghnóthaigh sé in 2011 agus arís in 2016 a fháil ar ais.
Sa deireadh thiar thall, toghadh in 2024 atoghadh Verona Murphy (Nspl), Johnny Mythen (SF) agus James Browne (FF). agus toghadh George Lawlor (LO)
Féach freisin
cuir in eagarTagairtí
cuir in eagar- ↑ 1.0 1.1 Donncha Ó hÉallaithe (17 Samhain 2024). "Coinneoidh Verona Murphy a suíochán in ainneoin Mick Wallace a bheith sa rás" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2024-11-19.