Verona Murphy

polaiteoir Éireannach

Is polaiteoir agus Teachta Dála, ina ball den Ghrúpa Réigiúnach Neamhspleách, as Contae Loch Garman í Verona Murphy (a rugadh sa bhliain 1971). Ceapadh í mar Cheann Comhairle Dháil Éireann ar an 18 Nollaig 2024. Níl aon eagla uirthi roimh chonspóid.

Infotaula de personaVerona Murphy

Murphy (2024)
Beathaisnéis
Breith1971
53/54 bliana d'aois
An Ghráinseach, Éire Cuir in eagar ar Wikidata
Teachta Dála
29 Samhain 2024 –
Téarma parlaiminte: An 34ú Dáil

Toghcheantar: Loch Garman

Teachta Dála
8 Feabhra 2020 – 8 Samhain 2024 (díscaoileadh na parlaiminte)
Téarma parlaiminte: 33ú Dáil

Toghcheantar: Loch Garman

Gníomhaíocht
Gairmpolaiteoir Cuir in eagar ar Wikidata


X: VeronaMurphyInd Cuir in eagar ar Wikidata
2024

D'fhás Murphy suas sa Ghráinseach, Loch Garman.

Cúlra Fhine Gael atá aici agus tá gréasán tacaíochta láidir aici sa Wexford Independent Alliance. Is minic a chloistear í ar na meáin náisiúnta. Nuair a bhí an pobalóir Mick Wallace i  bParlaimint na hEorpa le linn 2019-2024, bhí bratach an neamhspleáigh i Loch Garman ardaithe ag Murphy, agus toghadh í gan mórán dua in Olltoghchán 2020 agus arís in Olltoghchán 2024.[1]

Toghadh Murphy ina Ceann Comhairle ar an 18 Nollaig 2024, an chéad bhean leis an ngradam sin a fháil. Tháinig an ceapachán conspóid.

  • Thug Fianna Fáil agus Fine Gael tacaíocht do Murphy mar chuid den idirbheartaíocht atá ar siúl acu leis an nGrúpa Réigiúnach Neamhspleách faoi chomhrialtas a bhunú, gníomh a mhaígh Seán Ó Fearghaíl (Fianna Fáileach agus ina Cheann Comhairle sa Dáil ó 2016 go dtí 2024) agus daoine eile a rinne mír mhargántaíochta de ról tábhachtach[2]. Bhí díomá air, a dúirt sé, nach raibh ceannasaíocht an pháirtí ag tacú leis an uair seo. Dlúthchuid den mhargáil faoi bhunú an chéad rialtais eile, áfach, ab ea an cinneadh a rinne ceannaire Fhianna Fáil Micheál Martin tacú le Verona Murphy in áit Sheáin Uí Fhearghaíl.[3]
  • Ní cainteoir Gaeilge í Verona Murphy. Cainteoirí líofa Gaeilge iad na hiarrthóirí Seán Ó Fearghaíl agus Aengus Ó Snodaigh agus dúirt siad roimh an vóta gur chóir go mbeadh Gaeilge ag an té a cheapfaí sa phost.[4]
  • Bhí tuarastal an Cheann Comhairle - €255,000 in 2024 - níos airde ná an €243,895 a íoctar leis an Taoiseach.
 
an Ceann Comhairle sa Dáil, 22 Eanáir 2025.

34ú Dáil

cuir in eagar

Bhí cúrsaí ina gcíor thuathail sa 34ú Dáil go minic agus Murphy i mbun. Tharraing na cearta labhartha sa Dáil conspóid.[5] [6] [7][8]

Príomhalt: An 34ú Dáil

Cáineadh an cinneadh Verona Murphy a ainmniú le bheith ina Ceann Comhairle toisc gan aon Ghaeilge a bheith aici, rud a bhí riachtanach don phost dar lena réamhtheachtaí.[9]

Dúirt Murphy sular ceapadh í mar Cheann Comhairle go gcuirfeadh sí feabhas ar a cuid Gaeilge agus dheimhnigh sí go raibh sé i gceist aici go mbeadh leibhéal líofachta aici a bheadh “ag teacht” lena ról.

I mí Feabhra 2025, bhí easpa líofachta Gaeilge an Cheann Comhairle i mbéal an phobail mar gheall ar achrann a tarraingíodh sa Dáil nuair a dúirt an Taoiseach Micheál Martin gur “ag insint bréaga” a bhí ceannaire Shinn Féin Mary Lou McDonald; bhí leas bainte aige as easpa Gaeilge an Cheann Comhairle agus as an teanga féin chun McDonald a mhaslú.[9]

Féach freisin

cuir in eagar
  1. Donncha Ó hÉallaithe (17 Samhain 2024). "Coinneoidh Verona Murphy a suíochán in ainneoin Mick Wallace a bheith sa rás" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2024-12-18.
  2. "Verona Murphy tofa ina Ceann Comhairle sa Dáil, an chéad bhean riamh sa ról" (ga-IE). Tuairisc.ie (2024-12-18). Dáta rochtana: 2024-12-18.
  3. Nuacht RTÉ (2024-12-18). "Verona Murphy tofa ina Ceann Comhairle sa 34ú Dáil Éireann" (as ga-IE). 
  4. "‘Céim ar chúl a bheadh ann Ceann Comhairle gan Ghaeilge a thoghadh’ – Aengus Ó Snodaigh" (ga-IE). Tuairisc.ie (2024-12-18). Dáta rochtana: 2024-12-18.
  5. Cathal Mac Coille (25 Eanáir 2025). "Ceachtanna le foghlaim ar gach taobh sa Dáil" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2025-01-26.
  6. "An Dáil curtha ar athlá agus í ina cíor thuathail ag conspóid na gceart cainte" (ga-IE). Tuairisc.ie (2025-03-25). Dáta rochtana: 2025-03-25.
  7. Nuacht RTÉ (2025-03-25). "Moladh an Rialtais maidir le cearta labhartha rite sa Dáil" (as ga-IE). 
  8. Nuacht RTÉ (2025-03-26). "Sinn Féin ag éileamh ar an gCeann Comhairle éirí as a post" (as ga-IE). 
  9. 9.0 9.1 Maitiú Ó Coimín (14 Feabhra 2025). "Gealltanas an Cheann Comhairle Gaeilge a fhoghlaim ‘fós i bhfeidhm’, ach ní fios cén plean atá aici" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2025-02-14.