40ú Leasú ar Bhunreacht na hÉireann, 2024

tagairtí faoi leith atá i mBunreacht na hÉireann don teaghlach agus do chúrsaí cúraim.

Bhí sé mar chuspóir ag Rialtas na hÉireann de réir an 40ú Leasú ar an mBunreacht nó "An Leasú ar Chúram" ar an 8 Márta 2024 an sainmhíniú i mBunreacht na hÉireann faoi ionad na mban sa teaghlach a leasú, agus ina theannta sin, aitheantas a thabhairt do gach duine sa teaghlach a thugann aire do dhuine muinteartha.[1][2]

Teimpléad:WD Bosca Sonraí Imeacht40ú Leasú ar Bhunreacht na hÉireann, 2024
Íomhá

Vótáil 74% Níl.[3] Bhainfeadh den Bhunreacht na tagairtí do shaol agus do dhualgais na mban ó thaobh cúraim baile agus a thabharfadh aitheantas ina n-áit don chúram sa teaghlach.[4]

páipéar ballóide' dath glas ar an bPáipéar Ballóide seo.

Cúlra cuir in eagar

Sa bhliain 2021, mhol an Tionól Saoránach um Chomhionannas Inscne reifreann ar chomhionannas inscne, Airteagail 40 agus 41 de Bhunreacht na hÉireann a leasú, agus an tagairt ann faoin 'mbean sa teaghlach' a bhaint amach, tagairt seanchaite dar leo. Moladh foclaíocht úr a chur ina ionad agus tagairt shoiléir a dhéanamh sa Bhunreacht do chomhionannas inscne agus do neamh-idirdhealú.[5]

In 2022, bunaíodh coiste speisialta Oireachtais lena raibh molta ag an Tionól Saoránach a chíoradh. Foilseoidh grúpa idir-rannach moltaí maidir leis na leasuithe cuí bunreachtúla faoi dheireadh an Mheithimh. 2023.

D'fhógair Rialtas na hÉireann[6] ar an 5 Nollaig 2023 gur i mí an Mhárta 2024 a reáchtálfaí dhá reifreann - an 39ú Leasú agus an 40u Leasú - maidir le tagairtí faoi leith atá i mBunreacht na hÉireann don teaghlach agus do chúrsaí cúraim. Reáchtáladh an reifreann ar an 8 Márta 2024 – Lá Idirnáisiunta na mBan.

Téacs cuir in eagar

De réir Airteagal 41.2 den Bhunreacht, "admhaíonn an Stát go dtugann an bhean don Stát, trína saol sa teaghlach, cúnamh nach bhféadfaí leas an phobail a ghnóthú dá éagmais".

Bhí súil ag an Rialtas daoine eile sa teaghlach seachas 'an bhean' a chur san áireamh feasta.

Mar sin, leathnófadh sainmhíniú an fhocail ‘teaghlach’ sa Bhunreacht ionas nach mbainfidh sé le teaghlaigh lánúineacha pósta amháin.[7]

Léirmhíniú cuir in eagar

Níor gheall an Taoiseach ná airí eile go mbeadh aon toradh praiticiúil ar an leasú. Thug an téacs a bhí molta aitheantas siombalach do shaothar cúramóirí, idir fhir agus mhná. Ní raibh sé soiléir áfach, cé mar a rachaidh sé chun tairbhe dóibh. Sa bhliain 2021, d’iarr an tionól saoránach ar an rialtas fhoclaíocht níos láidre a dhréachtú.[8]

De réir Conor O’Mahony, ollamh le dlí bunreachtúil i gColáiste na hOllscoile Corcaigh, ní raibh á mholadh dáiríre dar leis ach foráil ghnéasaíoch gan éifeacht a chur amach as an mBunreacht agus foráil inscne-neodrach gan éifeacht a chur ina hionad.[7]

Gaeilge cuir in eagar

Rinne An Coimisiún Toghcháin praiseach cheart den bhileog as Gaeilge.[9] Ar 28 Eanáir, d’fhoilsigh an Coimisiún "leabhráin eolais" 12-leathanach faoi na reifrinn.[2] Ach bhí botúin sa leagan Gaeilge a d’fhág nach raibh cuid den fhoclaíocht sa leabhrán ag teacht leis an reachtaíocht a cuireadh trí Thithe an Oireachtais agus ní raibh aon chiall leis an leagan Gaeilge.[10] Ceartaíodh an bhileog ach tháinig an leagan as Gaeilge amach níos déanaí ná an bhileog i mBéarla. Ina theannta sin, bhí an bhileog scríofa i stíl thar a bheith foclach, 12 leathanach in iomlán.

Féach freisin cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar

  1. Nuacht RTÉ (2023-12-05). "Dhá reifreann le reáchtáil ar an 8 Márta 2024" (as ga). 
  2. 2.0 2.1 electoralcommission.ie (2024). "Reifrinn ar an Teaghlach agus Cúram - Bileog (pd)". Dáta rochtana: 2024.
  3. "An Bille um an Daicheadú Leasú ar an mBunreacht (Cúram), 2023" (ga-IE). Reifreann na hÉireann. Dáta rochtana: 2024-03-10.
  4. "‘Níl’ agus ‘Níl’ – ‘buaite glan’ ar an dá reifreann" (ga-IE). Tuairisc.ie (2024-03-09). Dáta rochtana: 2024-03-10.
  5. Nuacht RTÉ (2023-03-08). "Reifreann ar chomhionannas inscne gairmthe ag an Rialtas" (as ga-IE). 
  6. Rialtas na hÉireann (2023-12-05). "General Scheme of the Amendment of the Constitution Bill 2023" (en-IE). www.gov.ie. Dáta rochtana: 2023-12-09.
  7. 7.0 7.1 Cathal Mac Coille (9 Nollaig 2023). "Thar am ceart vótála a thairiscint do shaoránaigh Éireannacha sa tuaisceart" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2023-12-10.
  8. citizensassembly.ie (2021). "Final report of the Citizens' Assembly on Gender Equality". Dáta rochtana: 2023.
  9. "Trí bhotún sa leagan Gaeilge den leabhrán eolais faoi reifrinn an Mhárta" (ga-IE). Tuairisc.ie (2024-01-26). Dáta rochtana: 2024-03-10.
  10. "Botúin sa leagan Gaeilge den leabhrán eolais faoi na reifrinn ceartaithe ag an gCoimisiún Toghcháin" (ga-IE). Tuairisc.ie (2024-01-30). Dáta rochtana: 2024-02-23.