Fear gnó, fiontraí agus iar-phríomhfheidhmeannach ar an gcomhlacht Web Summit is ea Paddy Cosgrave (a rugadh ar 19 Márta 1982), fear a tharraingíonn conspóid go minic.

Infotaula de personaPaddy Cosgrave

Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith19 Márta 1982
42 bliana d'aois
Contae Chill Mhantáin, Éire Cuir in eagar ar Wikidata
Príomhoifigeach feidhmiúcháin Cruinniú Mullaigh an Ghréasáin
Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
Scoil a d'fhreastail sé/síColáiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath
Glenstal Abbey School (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Gairmduine den lucht gnó Cuir in eagar ar Wikidata

Facebook: paddy.cosgrave Twitter: paddycosgrave Instagram: paddycosgrave Cuir in eagar ar Wikidata

Gairm cuir in eagar

Bhunaigh Cosgrave Web Summit (Comhdháil idirnáisiúnta do lucht an Ghréasáin) i mBaile Átha Cliath sa bhliain 2009.

Aighneas le Rialtas na hÉireann cuir in eagar

Ar 23 Meán Fómhair 2015, d'fhógair Cosgrave go tobann go raibh Web Summit le bogadh ó Bhaile Átha Cliath go Liospóin na Portaingéile.[1][2]

Aighneas le Leo Varadkar cuir in eagar

Sceith Varadkar eolas lena chara Maitiú Ó Tuathail[3][4] agus bhí Cosgrave ag magadh faoi.[5]

Aighneas pearsanta le Mícheál Ó Máirtín cuir in eagar

Bhain an gearán leis an méid a dúirt Micheál Martin, Tánaiste ag an am, faoi Paddy Cosgrave i nDáil Éireann sa bhliain 2023.[6]

Aighneas leis an lucht gnó in Iosrael agus i SAM cuir in eagar

Nuair a bhris Coimhlint Iosrael-Hamas, 2023 amach, rinne Cosgrave ráitis ar an fhoréigean in Iosrael agus i nGaza. Cháin Cosgrave tacaíocht thíortha an Domhain Thiar do Iosrael i ndiaidh ionsaithe Hamas ar an tír sin.[7][8] Bhí an ráiteas céanna ag Cosgrave agus Uachtarán na hÉireann, Michael D. Higgins. Ach bhí na fiontraithe in Iosrael, brúghrúpa ollmhór, thar a bheith mí-shásta le Cosgrave agus rinne siad stocaireacht ar chomhlachtaí sna Stáit Aontaithe.[9]

D'fhógair Google, Intel, Siemens, Amazon, Meta srl go raibh siad ag cuireadh deireadh lena gceangal le Web Summit. Tharraing bunaitheoir Y Combinator, Garry Tan, chomh maith le Ravi Gupta ó Sequoia Capital agus infheisteoirí móra caipitil eile siar as an chomhdháil freisin. D'éirigh cainteoirí as: mar shampla an t-aisteoir Joseph Gordon-Levitt, an rapálaí LL Cool J, an fiontraí Steven Bartlett srl. Ach lean an chomhdháil ar aghaidh i Liospóin na Portaingéile, mar a bhí beartaithe.

Ansin ghabh Cosgrave a leithscéal : "Tuigim gur ghoill an méid a dúirt mé, an uair a dúirt mé é agus an bealach inár cuireadh i láthair é, go mór ar dhaoine," a dúirt sé ar shuíomh idirlín Web Summit.[8] "Gabhaim mo leithscéal le aon duine a ghortaigh mo bhriathra."

D'éirigh Cosgrave as a phost mar phríomhfheidhmeannach ceithre lá níos déanaí, ar 21 Deireadh Fómhair 2023.

Féach freisin cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar

  1. Nuacht RTÉ (2015-09-23). "Taoiseach díomách faoi aistriú Web Summit go Liospóin" (as ga-IE). 
  2. Nuacht RTÉ (2014-11-07). "RDS cosanta mar ionad don Comhdháil Gréasáin" (as ga-IE). 
  3. Lili Lonergan. "Varadkar controversy highlighted at global Web Summit" (en). www.leitrimobserver.ie. Dáta rochtana: 2023-10-22.
  4. "Paddy Cosgrave ‘ran toxic campaigns’ against Varadkar and the IDA" (en). Independent.ie (2021-11-07). Dáta rochtana: 2023-10-22.
  5. "Varadkar leak mentioned at opening of Web Summit" (en). BreakingNews.ie (2021-11-02). Dáta rochtana: 2023-10-23.
  6. "Ceann Comhairle i mbun a mhachnaimh ar ghearán ó Paddy Cosgrave" (as ga) (2023-05-04). 
  7. Nuacht RTÉ (2023-10-21). "Paddy Cosgrave éirithe as mar cheannasaí ar Web Summit" (as ga). 
  8. 8.0 8.1 "Apology from Paddy Cosgrave" (en). Web Summit (2023-10-17). Dáta rochtana: 2023-10-22.
  9. Brendan O'Connor (2023-10-21). "Web Summit in Crisis" (en). RTE Radio. Dáta rochtana: 2023-10-22.