Ionchúiseamh Donald Trump i Nua-Eabhrac
Thosaigh Cúiseamh Donald Trump i Nua-Eabhrac, an cás The People of the State of New York v. Donald J. Trump, i Nua Eabhrac ar an 15 Aibreán 2024, an chéad triail choiriúil riamh d'iar-uachtarán na Stát Aontaithe. Bhí Donald Trump os comhair na cúirte ar dhíotálacha feileonacha, gur fhalsaigh sé taifid ghnó chun airgead tosta, a deirtear gur íoc sé don striapach Stormy Daniels, a fholú, díreach roimh an toghchán uachtaránachta in 2016. Bhí na líomhaintí uilig séanta ag Trump.[1]
Lipéad sa teanga dhúchais | (en) The People of the State of New York v. Donald J. Trump | |||
---|---|---|---|---|
Cineál | bill of indictment (en) de Donald Trump cás coiriúil | |||
Cuid de | March 2023 Donald Trump arrest rumors (en) agus indictments against Donald Trump (en) | |||
Dáta foilsithe | 4 Aibreán 2023 | |||
Príomhábhar | Stormy Daniels–Donald Trump scandal (en) Toghchán Uachtaránachta na Stát Aontaithe, 2016 | |||
Tír | Stáit Aontaithe Mheiriceá | |||
Baint le limistéar údaráis | New York Supreme Court (en) | |||
Donald Trump | ||||
Alvin Bragg | ||||
Stormy Daniels | ||||
Teanga an tsaothair nó an ainm | Béarla | |||
Cosantóir | ||||
Cúirt | New York Supreme Court (en) | |||
Breitheamh | Juan Merchan (en) | |||
Haischlib | #TrumpIndictment, #LockHimUp agus #TrumpForPrison |
Bhí sé deacair giúiré a roghnú - próiseas a thóg tamall mar d'admháil roinnt mhaith iarrthóirí don ghiúiré nach raibh siad neamhchlaonta. Bhí ar Trump freastal ar an gcúirt gach lá a bhí an cás ar siúl.
Thug an breitheamh ordú do Trump gan a bheith ag déanamh trácht ar an gcás ar na meáin shóisialta.[1] Tamaill níos déanaí, in iarracht teacht timpeall ar an ordú, rinne Trump tagairt d’iníon Merchan ar na meáin shóisialta, chomh maith le cúpla ionsaí eile a dhéanamh ar obair na cúirte.[2]
Bhí Trump ag baint leas as na cásanna cúirte ar fad atá ina aghaidh le bolscaireacht a chruthú dó féin. Bhí suim na meán in imeachtaí na gcásanna éagsúla ag cur leis an méid poiblíochta a bhí á fháil aige.
Féach freisin cuir in eagar
Tagairtí cuir in eagar
- ↑ 1.0 1.1 Conradh na Gaeilge, Londain (20 Aibreán 2024). "Nuacht Mhall: (Maigh Eo)" (ga-IE). Apple Podcasts. Dáta rochtana: 2024-04-24.
- ↑ Máirín Ní Ghadhra (23 Aibreán 2024). "Is binn béal ina thost comhairle Merchan do Trump" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2024-04-24.
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |