Mí-úsáid ghnéis
Tarlaíonn mí-úsáid ghnéis nó drochúsáid ghnéasach nuair a ionsaítear fear, bean nó leanbh go mígheanasach.[1]
- Tarlaíonn ionsaí gnéis tromchúiseach nó ‘tromionsaí gnéasach’ nuair a fhulaingíonn an t-íospartach foréigean tromchúiseach, bagairt foréigin thromchúisigh, drochghortú nó uirísliú, le linn ionsaithe gnéis.
- Tarlaíonn 'éigniú'[2] le linn ionsaithe gnéis, nuair a threánn péineas, dá laghad an treá, an béal nó poll tóna, nó nuair a threánn uirlis á coinneáil ag duine eile, an fhaighin, dá laghad an treá.
- Tarlaíonn éigniú nuair a dhéanann fear lánúnas collaí neamhdhleathach le bean nach dtoilíonn leis an lánúnas tráth a dhéanta – i gcásanna dá leithéid is eol don fhear nach dtoilíonn an bhean leis nó is cuma leis í do thoiliú nó gan toiliú leis tráth an lánúnais.
- I gcás na ndaoine óga, tarlaíonn drochúsáid ghnéasach nuair a bhaineann duine eile úsáid as leanbh dá s(h)ásamh nó dá f(h)loscadh gnéasach féin, nó ar mhaithe le sásamh nó floscadh gnéasach daoine eile.[3]
Féach freisin
cuir in eagarTagairtí
cuir in eagar- ↑ victimsofcrimeoffice.ie. "Íospartaigh agus an Dlí". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2020-02-06. Dáta rochtana: 2019.
- ↑ de réir an dlí in Éirinn "faoi alt 4" cf http://www.victimsofcrimeoffice.ie Curtha i gcartlann 2019-05-25 ar an Wayback Machine
- ↑ tusla.ie. "Treoir Náisiúnta um Thús Áite do leanaí 2011". Dáta rochtana: 2019.
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |