Éigniú
Coir thromchúiseach gnéis is ea an t-éigniú — is minic a úsáidtear an téarma banéigniú sa Ghaeilge freisin. Go bunúsach, is éard is brí leis an éigniú ná comhriachtain in aghaidh na tola.
In Éirinn, tá an choir seo sainmhínithe de réir dhá acht dlí, an tAcht um an Dlí Coiriúil (Éigniú) ón mbliain 1981 agus an leasú a cuireadh leis an acht sin sa bhliain 1990.
De réir dhlí na hÉireann, má théann an fear chun comhriachtana le bean in aghaidh a tola, ionas go bhfuil a fhios ag an bhfear nach bhfuil sí toilteanach, nó más cuma leis an bhfear faoi thoil na mná, beidh sé ciontach in éigniú.
Nuair a rachaidh an scéal chun na cúirte, caithfidh baill an ghiúiré a marana a dhéanamh ar an gceist, an raibh cúis réasúnta ag an bhfear a shíleadh go raibh an bhean sásta luí leis. Is é an pionós is airde is féidir a ghearradh don éigneoir in Éirinn ná príosúnacht saoil.
An duine a chuidigh leis an gciontóir éigniú a dhéanamh, is féidir é a chiontú i neartú le héigniú, agus an fear a d'fhéach le bean a éigniú cé nár éirigh leis, is féidir é a chiontú in iarracht ar éigniú.
Tagairtí
cuir in eagarIs síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |