Barack Obama

44ú hUachtarán na Stát Aontaithe

Ba é Barack Hussein Obama II (a rugadh ar 4 Lúnasa, 1961) 44ú hUachtarán na Stát Aontaithe.

Barack Obama
ball de Sheanad Stáit Illinois

Eanáir 8, 1997 - Samhain 4, 2004
Alice Palmer - Kwame Raoul
Dúiche: Illinois's 13th Senate district (en) Aistrigh
Seanadóir na Stát Aontaithe

Eanáir 3, 2005 - Eanáir 3, 2007
Peter Fitzgerald
Dúiche: Illinois Class 3 senate seat (en) Aistrigh
Toghchán: 2004 United States Senate election in Illinois (en) Aistrigh
Seanadóir na Stát Aontaithe

Eanáir 3, 2007 - Samhain 16, 2008 - Roland Burris
Dúiche: Illinois Class 3 senate seat (en) Aistrigh
Toghchán: 2004 United States Senate election in Illinois (en) Aistrigh
35. Uachtarán tofa na Stát Aontaithe

Samhain 4, 2008 - Eanáir 20, 2009
George W. Bush - Donald Trump
Toghchán: 2008 United States presidential election (en) Aistrigh
44. Uachtarán na Stát Aontaithe

Eanáir 20, 2009 - Eanáir 20, 2017
George W. Bush - Donald Trump
Toghchán: 2008 United States presidential election (en) Aistrigh, 2012 United States presidential election (en) Aistrigh
Saol
Ainm iomlánBarack Hussein Obama II
Eolas breitheKapiolani Medical Center for Women and Children (en) Aistrigh agus Honolúlú, 4 Lúnasa 1961 (61 bliain d’aois)
NáisiúntachtStáit Aontaithe Mheiriceá
An Chéinia
Áit chónaitheKalorama (en) Aistrigh
An Teach Bán
Tebet
Menteng (en) Aistrigh
Honolúlú
Los Angeles
Chicago
Nua-Eabhrac
Iacárta
Grúpa eitneachMeiriceánaigh Afracacha
Teanga dhúchaisan Béarla
Muintir
AthairBarack Obama Sr.
MáthairAnn Dunham
Céile/CéilíMichelle Obama  (Deireadh Fómhair 3, 1992 -
Páistí
liosta iomláin
Siblíní
Teaghlach
Treibhfamily of Barack Obama (en) Aistrigh
Oideachas
Alma materKing College Prep High School (en) Aistrigh
Centaurus High School (en) Aistrigh
Nelson High School (en) Aistrigh
Noelani Elementary School (en) Aistrigh
(1966 - 1967)
State Elementary School Menteng 01 (en) Aistrigh
(1970 - 1971)
Punahou School (en) Aistrigh
(1971 - 1979)
Occidental College (en) Aistrigh
(1979 - 1981)
Ollscoil Columbia
(1981 - 1983) Baitsiléir Ealaíon : eolaíocht pholaitiúil, caidreamh idirnáisiúnta
Ollscoil Harvard
(1988 - 1991) dochtúireacht faoi dlí-eolaíocht : dlí
Scoil Dlí Harvard
(1988 - 1991) dochtúireacht faoi dlí-eolaíocht
University of Chicago Law School (en) Aistrigh
(1997 - 2002) Baitsiléir Eolaíochta : dlí
Leibhéal oideachaisBaitsiléir Ealaíon
dochtúireacht faoi dlí-eolaíocht
Teangachaan Béarla
An Indinéisis
Gairm
Gairmpolaiteoir, dlíodóir, scríbhneoir polaitiúil, eagarthóir phobail, státaire, saineolaí dlí, podchraoltóir, acadóir, údar cuimhní cinn agus international forum participant (en) Aistrigh
Meachán80 kg agus 180 lb
Airde1.85 m
Áit oibreWashington, D.C. agus Chicago
FostóiríOllscoil Chicago
Gamaliel Foundation (en) Aistrigh
Business International Corporation (en) Aistrigh  (1983 -  1984)
New York Public Interest Research Group (en) Aistrigh  (1985 -  1985)
Sidley Austin (en) Aistrigh  (1991 -  1991)
Saothar iomráiteachA Promised Land
Duaiseanna
Ainmníodh é/í le haghaidh
[[Grammy Award for Best Audio Book, Narration & Storytelling Recording (en) ]]
(2005) : [[Dreams from My Father (en) ]]
[[NAACP Image Award for Outstanding Literary Work, Nonfiction (en) ]]
(2007) : [[The Audacity of Hope (en) ]]
Daoine le tionchar air/uirthiNipsey Russell, Reinhold Niebuhr agus Saul Alinsky
BallraíochtAcadamh Ealaíona agus Eolaíochtaí Mheiriceá
Cumann Meiriceánach na Fealsúnachta
Cleamhnú
ReiligiúinAn Protastúnachas
An Eaglais Chomhthionólach
Polaití Comhthionólaí
United Church of Christ (en) Aistrigh
Páirtithe polaitíochtaPáirtí Daonlathach
IMDbnm1682433
barackobama.com
Discogs ID1252891 agus 1397701
Models.combarack-obama
Instagrambarackobama
TwitterBarackObama agus POTUS44
Barack Obama signature.svg

Tháinig Obama i gcomharbacht ar George W. Bush sa bhliain 2009. Is é Obama an t-aon duine gorm a toghadh mar Uachtarán agus ba é an t-aon seanadóir gorm sa Seanad sa téarma faoi dheireadh agus an cúigiú Seanadóir gorm i stair Mheiriceá.[1]

teastas breithe

Ar an 9 Deireadh Fómhair 2009, bronnadh Duais Nobel na Síochána air.

Físeán (Barack Obama Senior agus a mhac, srl)

ÓigeCuir in Eagar

 
Obama agus a ,chomhairleoir Raja Krishnamoorthi[2] sa bhliain 2002

Saolaíodh Barack Obama sa bhliain 1961 in Honolulu, Haváí (agus é ar an chéad uachtarán a tháinig chun saoil ar an oileán siúd).

Eacnamaí ón Chéinia ó dhúchas i bhí ina athair Barack Obama sinsear agus antraipeolaí Mheiriceánach a bhí ina mháthair Stanley Ann Dunham. Chuir an bheirt aithne ar a chéile den chéad uair agus iad ag staidéar na Rúisise ag Ollscoil Haváí thiar sa bhliain 1960.

 
1998 i CHicago

Phós siad in Maui ar an 2 Feabhra 1961 ach níorbh fhada gur bhog a mháthair soir go Meiriceá chun freastal ar Ollscoil Washington in Seattle ar feadh bliain amháin, agus a mac óg in éineacht léi. Agus céim san eacnamaíocht bainte amach ag Barack sinsear in Haváí, bronnadh scoláireacht air chun cur lena chuid oideachais in Ollscoil Harvard. Fuair na tuismitheoirí colscaradh sa bhliain 1964.

D'fhill Barack sinsear ar a thír dhúchais sa bhliain chéanna, áit inar phós sé in athuair. Níor thug sé riamh ach aon chuairt amháin ar a mhac agus é ag éirí aníos ar Haváí. Fuair sé bás tobann i dtimpiste bhóthair sa bhliain 1984.

BeartaisCuir in Eagar

Theastaigh Obama sa bhliain 2008 deireadh leis an gcogadh san Iaráic, laghdú i dtionchar corparáideach, nascanna níos fearr le níos mó rialtais eachtrannacha, clár gníomhaíochta comhshaoil níos fearr, seirbhís sláinte chomhchoitianta agus aontú agus deireadh le polarú polaitiúil an náisiúin uaidh.

 
Springfield, Illinois, in éineacht le Michelle agus a chlann

Is mór an bhéim a chuir Obama ag an am sin ar "athrú" agus "dóchas". Dúirt sé i 2008 go mbeadh sé in ann an scoilt idir stáit dhearga (Choimeádacha) agus ghorma (Liobrálacha) a réiteach.

Bhí an Géarchéim airgeadais 2007-2008 faoi lánseol nuair a toghadh Barack Obama don chéad uair mar uachtarán. Nuair a tháinig an rialtas nua ag tús na bliana 2009, cuireadh pacáiste ollmhór i bhfeidhm láithreach leis an ngeilleagar a spreagadh. Is mór idir é seo agus na polasaithe fioscacha san Eoraip ag an am, beartais déine.  

Tugadh isteadh reachtaíocht tábhachtach sa bhliain 2010, an Affordable Care Act[3] nó 'Obamacare'.[4]

ToghcháinCuir in Eagar

Feachtas sa toghchán uachtaránachtaCuir in Eagar

 
Obama ag obair ar a chéad fheachtas, i New Hampshire, 2008

Dúirt Obama go mbeadh sé ina iarrthóir don Uachtaránacht ar 10 Feabhra 2007. Ar 3 Eanáir 2008 bhuaigh Obama an chéad vótáil stáit chun an iarrthóir Daonlathach a roghnú in Iowa, le 38% den vóta, 8% níos mó ná John Edwards agus Hillary Clinton sa dara agus tríú háit. Thug an bua móiminteam dó, ach chaill sé ar 8 Eanáir i New Hampshire. Bhuaigh Clinton Nevada agus Obama Carolina Theas tár éis seo. Roinn siad na vótaí ar 6 Feabhra ach bhuaigh Obama 11 toghchán stáit as a chéile ina dhiaidh sin. Bhí an bua ag Obama faoi 3 Meitheamh.

Físeánː aitheasc tionscnaimh, 2009
 
Físeánː Obráid 'Iraqi Freedom', 2010

Ba iad Obama agus John McCain, rogha an Pháirtí Phoblachtaigh, na hiarrthóirí is mó sa toghchán ginearálta. Roghnaigh Obama Joe Biden mar iarrthóir an Pháirtí Dhaonlathaigh le haghaidh phost an Leas-Uachtaráin.

Físeánː "State of the Union', 2016

Toghchán 2008Cuir in Eagar

D'fhan Obama chun cinn ar McCain sna pobalbhreitheanna suas go dtí lá an toghcháin agus ní raibh sé i bhfad tar éis dhúnadh na lárionaid vótála go raibh na meáin chumarsáíde ag fógairt bua Obama.

Toghchán 2012Cuir in Eagar

D'fhógair Obama go raibh sé ag seasamh don dara téarma mar uachtarán ar 4 Aibreán 2011. Níor sheas aon duine eile sa Pháirtí Daonlathach ina choinne, beagnach. Fuair sé an t-ainmniúchán féin ag cruinniú náisiúnta na nDaonlathach in Charlotte, Carolina Thuaidh, in éineacht le Joe Biden mar leasuachtarán. Bill Clinton, iaruachtarán, a d'ainmnigh iad beirt go hoifigiúil. Ar an 6 Samhain 2012 fuair Obama an bua ar Mitt Romney sa toghchán náisiúnta. Thosaigh an dara théarma ar an 20 Eanáir 2013.

Saol pearsantaCuir in Eagar

Phós Obama sa bhliain 1992 agus tá beirt iníon aige.

 
An leabhar, Dream from my Father[5]

leabhair mór-ráchairte scríofa ag Obama, Dreams from my Father,[5] faoina óige, agus The Audacity of Hope, faoina smaointí féin maidir leis an bpolaitíocht sna Stáit Aontaithe.

Sa bhliain 2020, foilsíodh an dírbheathaisnéis, A Promised Land.[6]

TagairtíCuir in Eagar

  1. "BBC News - Profile: Barack Obama". BBC.
  2. "Raja Krishnamoorthi" (as en) (2021-07-21). Wikipedia. 
  3. "Affordable Care Act" (as en) (2021-07-22). Wikipedia. 
  4. Máirtín Ó Catháin (2017). "Fear de bhunadh Chonamara ag seasamh an fhóid d’Obamacare i gcoinne Trump" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2021-08-04.
  5. 5.0 5.1 "Dreams from My Father" (as en) (2021-07-21). Wikipedia. 
  6. "A Promised Land" (as en) (2021-07-19). Wikipedia. 

Naisc sheachtrachaCuir in Eagar