John Edwards

polaiteoir Meiriceánach

Is polaiteoir Meiriceánach de chuid an Pháirtí Dhaonlathaigh é John Edwards (ar 10 Meitheamh 1953 a rugadh é). Bhí sé ina Sheanadóir sna Stáit Aontaithe ar feadh téarma amháin le haghaidh Carolina Thuaidh, idir 1999 agus 2005. Le linn an toghcháin uachtaránachta i 2004, ba é Edwards iarrthóir an Pháirtí Dhaonlathaigh le haghaidh phost an Leas-Uachtaráin. Bhí Edwards ina iarrthóir d'ainmniúchán an pháirtí don uachtarántacht i 2008. Chuir Edwards béim ar throid in aghaidh na bochtaineachta agus tionchar lucht rachmais sna Stáit Aontaithe, chomh maith le seirbhís sláinte choiteann do chách. Cé nár éirigh lena fheachtas mar iarrthóir, deirtear go raibh tionchar aige ar pholasaithe na bpríomh-iarrthóirí eile, Barack Obama agus Hillary Clinton.

Infotaula de personaJohn Edwards

Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith10 Meitheamh 1953
70 bliana d'aois
Seneca, South Carolina Cuir in eagar ar Wikidata
Seanadóir na Stát Aontaithe
3 Eanáir 2003 – 3 Eanáir 2005 – Richard Burr →


Seanadóir na Stát Aontaithe
3 Eanáir 2001 – 3 Eanáir 2003


Seanadóir na Stát Aontaithe
3 Eanáir 1999 – 3 Eanáir 2001
← Lauch Faircloth


Faisnéis phearsanta
ReiligiúnAn Chríostaíocht
Scoil a d'fhreastail sé/síOllscoil Stáit Carolina Thuaidh - Baitsiléir Ealaíon (–1974)
Ollscoil Clemson
North Moore High School (en) Aistrigh
Ollscoil Carolina Thuaidh, Chapel Hill - dochtúireacht sa dlí-eolaíocht (–1977)
bunscoil Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Réimse oibreSilk mill (en) Aistrigh
Suíomh oibre Washington, D.C. Cuir in eagar ar Wikidata
Gairmpolaiteoir, scríbhneoir, dlíodóir, podchraoltóir Cuir in eagar ar Wikidata
Ball de pháirtí polaitíochtaPáirtí Daonlathach Cuir in eagar ar Wikidata
TeangachaBéarla
Teaghlach
CéileElizabeth Edwards Cuir in eagar ar Wikidata
PáisteCate Edwards, Jack Edwards, Emma Claire Edwards, Wade Edwards Cuir in eagar ar Wikidata
AthairWallace Reid Edwards  agus Catharine Juanita Edwards
Síniú

IMDB: nm2119975 Twitter: Edwards4VA Cuir in eagar ar Wikidata

Tacú le Barack Obama cuir in eagar

Ar 14 Bealtaine 2008, chuir John Edwards in iúl go poiblí go raibh sé ag tacú le Barack Obama mar iarrthóir an Pháirtí Dhaonlathaigh d'Uachtarántacht na Stát Aontaithe.[1]

Tagairtí cuir in eagar

Naisc Sheachtracha cuir in eagar

 
John Edwards i mbun stocaireachta sa bhliain 2007