Polaiteoir agus fear gnó Meiriceánach is ea Willard Mitt Romney (a rugadh ar 12 Márta 1947). Ní gnách a chéad ainm a úsáid. Seachtódú gobharnóir Massachusetts a bhí i Mitt Romney, ó 2003 go 2007. Ba iarrthóir an Pháirtí Phoblachtaigh é d’uachtaránacht na tíre sin sa bhliain 2012, ach theip ar a iarracht. Sa toghchán i mí na Samhna 2018 toghadh é do Sheanad na Stát Aontaithe ó stát Utah i gcomharbacht ar Orrin Hatch, rud a fhágann gurb é seanadóir sóisearach an stáit anois.
Mitt Romney (2011)  |
|
Breith | (en) Willard Mitt Romney  12 Márta 1947 78 bliana d'aois Harper University Hospital, Michigan (en)  |
---|
|
|
Seanadóir na Stát Aontaithe |
---|
|
|
3 Eanáir 2023 – 3 Eanáir 2025 – John R. Curtis →
|
Seanadóir na Stát Aontaithe |
---|
3 Eanáir 2021 – 3 Eanáir 2023
|
Seanadóir na Stát Aontaithe |
---|
|
3 Eanáir 2019 – 3 Eanáir 2021 ← Orrin Hatch
|
70 Gobharnóir Massachusetts |
---|
2 Eanáir 2003 – 4 Eanáir 2007 ← Jane Swift – Deval Patrick →  |
|
|
|
Reiligiún | Eaglais Íosa Críost agus Naoimh na Laethanta Deireanacha |
---|
Scoil a d'fhreastail sé/sí | Ollscoil Stanford (1965–1966) Cranbrook Schools (–1965) Scoil Ghnó Harvard - Máistreacht sa Riarachán Gnó (–1975) Ollscoil Brigham Young - léann Béarla (–1971) Scoil Dlí Harvard - dochtúireacht sa dlí-eolaíocht (–1975)  |
---|
Céim acadúil | Baitsiléir Ealaíon Máistreacht sa Riarachán Gnó dochtúireacht sa dlí-eolaíocht |
---|
Áit chónaithe | Holladay |
---|
Teanga dhúchais | Béarla |
---|
Lámhcheannas | Deasógacht |
---|
|
Suíomh oibre | Bostún Washington, D.C.  |
---|
Gairm | Mormon missionary (en) (1966–1968), scríbhneoir neamhfhicsin, feidhmeannach gnó, sainchomhairleoir, polaiteoir  |
---|
Fostóir | Salt Lake Organizing Committee for the Olympic and Paralympic Winter Games of 2002 (en) , príomhoifigeach feidhmiúcháin (1999–2002) Bain Capital (en) , uachtarán (1992–2002) Bain & Company (en) , príomhoifigeach feidhmiúcháin (1991–1992) Bain Capital (en) , uachtarán (1984–1991) Bain & Company (en) , leasuachtarán (1977–1984) Boston Consulting Group (en) , comhairleoir gnó  |
---|
Ball de pháirtí polaitíochta | Páirtí Poblachtach (1993–)  |
---|
Teangacha | Béarla agus an Fhraincis |
---|
|
|
| Global Conference 2021 (en)  |
|
|
Saothar suntasach |
|
Teaghlach | Romney family (en)  |
---|
Céile | Ann Romney (1969–)  |
---|
Páiste | Tagg Romney  |
---|
Athair | George W. Romney agus Lenore Romney |
---|
Siblín | G. Scott Romney |
---|
|
|
| Mitt Romney presidential campaign, 2012 (en)
|
|
Gradam a fuarthas |
|
|
Suíomh gréasáin | romney.senate.gov  |
---|
 |
Rugadh Mitt Romney i Detroit, Michigan, an páiste is óige as ceathrar. Is iad Margo Lynn, Jane LaFount agus G. Scott an triúr eile den chlann. Bhí bearna sé bliana idir breith an duine ba dhéanaí díobhsan agus a bhreith féin. Ainmníodh Mitt Romney i ndiaidh J. Willard Marriott na n-óstán agus dlúthchara a athar, agus Milton “Mitt” Romney, peileadóir leis na Chicago Bears agus col ceathrar lena athair. George W. Romney ainm a athar agus Lenore (née LaFount) Romney ainm a mháthar. Mormonach atá ann.