Sular toghadh é mar ionadaí sa Seanad i 1996, chaith sé cúig bliana déag i dTeach na nIonadaithe. D'fhreastail sé ar Ollscoil California, Santa Barbara, le scoláireacht cispheile agus bhain sé céim amach ó Ollscoil Stanford. Bronnadh céim Juris Doctor ó Ollscoil Oregon air agus mhúin sé an tseaneolaíocht in Oregon. Tá beirt chlainne aige, Adam (21) agus Lilly (16), lena iarbhean chéile Laurie. Tá siad colscartha ó 1998 i leith. Phós Wyden Nancy Bass sa bhliain 2005.
Toghadh go Seanad na Stát Aontaithe i 1996 é, tar éis do Bob Packwood éirí as oifig, agus atoghadh é i 1998 agus 2004.