Tammy Duckworth
Is í Ladda Tammy Duckworth (ar 12 Márta 1968 a rugadh í) seanadóir Stáit Aontaithe Mheiriceá ó Illinois. Is ball den Pháirtí Daonlathach í.
Bhí Duckworth ina píolóta héileacaptair in Arm na Stát Aontaithe le linn an chogaidh san Iaráic. Gortaithe go dona í: chaill sí an dá chois aici agus rinneadh dochar dá lámh dheis. Lean sí ar seirbhís sa Gharda Náisiúnta i ndiaidh cead speisialta a fháil ón Arm.[1] D'oibrigh sí ansin lena fear céile, Bryan Bowlsbey, a bhí san Iaráic roimhe sin freisin. D'éirigh sí as a gairm mhíleata i mí Dheireadh Fómhair na bliana 2014 ag deireadh a téarma seirbhíse.[2]
A Luathshaol agus oideachas
cuir in eagarRugadh Duckworth in Bangkok, sa Téalainn do Lamai Sompornpairin agus Franklin Duckworth. Ba iar-shaighdiúr de chuid Arm na Stát Aontaithe é a hathair, a cailleadh sa bhliain 2005, agus a ndeachaigh a shinsearacht i Meiriceá siar go dtí Cogadh Réabhlóideach Mheiriceá.[3] Téalannach de shinsearacht Shíneach í a máthair.[4]
Tagairtí
cuir in eagar- ↑ House, Jennifer Bendery White (November 8, 2016). "Tammy Duckworth Takes Back Obama's Illinois Senate Seat For Democrats". The Huffington Post. Retrieved November 9, 2016.
- ↑ "Duckworth's husband Iraq-bound". Cartlannaíodh an bunleathanach ar Feabhra 24, 2007. Dáta rochtana: Feabhra 6, 2018.
- ↑ "Franklin G. Duckworth, Captain, United States Army". Arlington National Cemetery Website.
- ↑ "Nobody Puts Tammy Duckworth in a Corner". Mother Jones.