Ivana Trump
Mainicín agus péiceallán sóisialta Seiceach-Mheiriceánach ab ea Ivana Marie Trump (née Zelníčková; IPA: ɪvana ˈmarɪjɛ ˈzɛlɲiːt͡ʃkova; 20 Feabhra 1949 - 14 Iúil 2022). Ise an chéad bhean chéile ag Donald Trump.
Beathaisnéis
cuir in eagarRugadh Ivana Zelníčková in Zlín sa tSeicslóvaic.[1] Thug sí aghaidh ar Cheanada sa bhliain 1973 agus chaith sí tamall i Montréal. Casadh Donald Trump uirthi agus phós siad i 1977. Tá triúr páistí acu.
Ghlac Ivana páirt shuntasach i dtionscnaimh Trump. Bhí sí ina Leas-Uachtarán ar son Dearthóireacht Intí do Trump Enterprises, agus d'fhág sí a cló ar Trump Tower in Manhattan. Ina dhiaidh sin, cheap Donald Trump í mar uachtarán ar Trump Castle Hotel and Casino.
Fuair Ivana agus Donald colscaradh sa bhliain 1992. Phós sí ceithre uaire ar fad.
Tagairtí
cuir in eagar- ↑ Novelguide.com Curtha i gcartlann 2010-06-17 ar an Wayback Machine url=http://www.novelguide.com/a/discover/bls_02/bls_02_00372.html Curtha i gcartlann 2010-06-17 ar an Wayback Machine |dáta=20100617171330
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |