Recep Tayyip Erdoğan
Polaiteoir agus 12ú Uachtarán na Tuirce is ea Recep Tayyip Erdoğan a rugadh ar an 26 Feabhra, 1954.
Nuair a toghadh Erdogan ar dtús in 2003, bhí tréimhse fáis ann ó thaobh na heacnamaíochta ach de réir a chéile mhéadaigh ar an gcáineadh a dhéantaí air, go háirithe mar gheall ar a chur chuige uathlathach ó na 2010idí ar aghaidh.
Tá de cháil ar Erdogan go mbíonn daoine nach mbíonn ar aon phort leis á mbrú go leataobh aige agus go mbíonn sé ag cur de shíor leis an méid cumhachta atá aige féin.[1]
2016
cuir in eagarTharla "coup d'état" in aghaidh Erdogan ar an 15 Iúil 2016 [2]. Maraíodh 294 agus gortaíodh 1400. Theip an réabhlóid. Dúirt daoine a thacaigh leis an coup d'état míleata gur iarracht a bhí ann stát daonlathach a dhéanamh den tír.
Bhí os cionn 40,00 duine gafa, baill shinsearacha den arm agus breithimh san áireamh.
2018
cuir in eagarSa bhliain 2018, bhí taithí na mblianta ag Erodgan ar fheachtais toghchánaíochta, agus atoghadh é gan stró sa bhliain 2018.[3]
2023
cuir in eagarFéach freisin
cuir in eagarTagairtí
cuir in eagar- ↑ "Vóta réitigh i ndán d’iarrthóirí thoghchán uachtaránachta na Tuirce" (ga-IE). Tuairisc.ie (2023-05-15). Dáta rochtana: 2023-05-26.
- ↑ Na meáin stáit sa Tuirc ag tuairisciú go ndúirt iarcheannaire sa bhfórsa aeir Akin Ozturk gurb eisean a phleanáil an coup d'état, RTÉ 2016.
- ↑ "2018 Turkish presidential election" (as en) (2023-05-14). Wikipedia.
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |