Toghchán uachtaránachta na Tuirce, 2023
Reáchtáladh toghchán uachtaránachta na Tuirce ar 14 agus 28 Bealtaine 2023; eagraíodh toghchán parlaiminte chomh maith ar 14 Bealtaine 2023, in aon bhabhta amháin.
| ||||
Cineál | presidential election in Turkey (en) ![]() ![]() | |||
---|---|---|---|---|
Cuid de | 2023 Turkish general election (en) ![]() ![]() | |||
Dáta na bliana | 14 Bealtaine 2023 ![]() | |||
Tír | an Tuirc ![]() | |||
Baint le limistéar údaráis | an Tuirc ![]() | |||
Oifig le buachan | Uachtarán na Tuirce ![]() | |||
Iarrthóir | Recep Tayyip Erdoğan Kemal Kılıçdaroğlu Muharrem İnce Sinan Oğan ![]() | |||
![](http://upload.wikimedia.org/wikipedia/commons/thumb/f/f7/Kemal_K%C4%B1l%C4%B1%C3%A7daro%C4%9Flu_and_Recep_Tayyip_Erdo%C4%9Fan_VOA.jpg/220px-Kemal_K%C4%B1l%C4%B1%C3%A7daro%C4%9Flu_and_Recep_Tayyip_Erdo%C4%9Fan_VOA.jpg)
Cúlra
cuir in eagar![](http://upload.wikimedia.org/wikipedia/commons/thumb/5/5d/2023_Turkish_presidential_election_map.svg/220px-2023_Turkish_presidential_election_map.svg.png)
Nuair a toghadh Erdogan ar dtús in 2003, bhí tréimhse fáis ann ó thaobh na heacnamaíochta ach de réir a chéile mhéadaigh ar an gcáineadh a dhéantaí air, go háirithe mar gheall ar a chur chuige uathlathach ó na 2010idí ar aghaidh.[1]
Bhí gach sórt salachair ar siúl le linn an fheachtais roimh an 14 Bealtaine. Chuir ceannairí an fheachtais, an tUachtarán Recep Tayyip Erdogan agus a chéile comhraic Kemal Kilicdaroglu, ceannaire an fhreasúra, i leith a chéile go raibh daoine á gcur amú acu trí eolas míchruinn a scaipeadh
![](http://upload.wikimedia.org/wikipedia/commons/thumb/f/f4/2023_Turkish_presidential_elections_abroad_ballot_boxes_%28round_2%29.jpg/220px-2023_Turkish_presidential_elections_abroad_ballot_boxes_%28round_2%29.jpg)
14 Bealtaine
cuir in eagarSa chéad bhabhta vótála, bhí 49.5% den vóta ag Erdogan agus beagáinín faoi bhun 45% ag Kilicdaroglu. Ní mór os cionn 50% den vóta a fháil chun an uachtaránacht a bhuachan.[2]
Ag an am céanna, d’éirigh le comhghuaillíocht Erdogan móramh a fháil sa pharlaimint. Bhí an móramh seo ina údar spreagtha ag Erodogan roimh an vóta réitigh. D'éirigh páirtí Erdogan, an AKP,[3] an príomhpháirtí sa rialtas aon uair amháin eile.
28 Bealtaine
cuir in eagarReáchtáladh vóta réitigh ar an 28 Bealtaine, an chéad uair gur tharla a leithéid de vóta sa Tuirc, Sna laethanta deireanacha an fheachtais, bhí sé soiléir go raibh Erdogan chun cinn.
Ar an 3 Meitheamh 2023, cuireadh Recep Tayyip Erdogan faoi mhionn na huachtaránachta don tríú huair.[4]
Féach freisin
cuir in eagarTagairtí
cuir in eagar- ↑ "Vóta réitigh i ndán d’iarrthóirí thoghchán uachtaránachta na Tuirce" (ga-IE). Tuairisc.ie (2023-05-15). Dáta rochtana: 2023-05-26.
- ↑ Natasha Turak (2023-05-19). "Erdogan's election lead leaves Turkey's opposition reeling and an economy on the brink" (en). CNBC. Dáta rochtana: 2023-05-26.
- ↑ "Justice and Development Party (Turkey)" (as en) (2023-05-23). Wikipedia.
- ↑ "Erdogan sworn in as he begins third term as Turkey's president" (en). France 24 (2023-06-03). Dáta rochtana: 2023-12-29.