Arán cothrom réidh is ea an píotsa (Iodáilis: Pizza) a gcuirtear táthchoda éagsúla sa mhullach air, cosúil le glasraí, feoil, iascbeacáin, in éineacht le trátaí, cáis agus spíosraí éagsúla. Tháinig an píotsa ón Iodáil, agus dealraíonn sé go n-itheadh na sean-Rómhánaigh féin arán a bhí cosúil leis an bpíotsa. Is léir nach raibh trátaí ar fáil san am sin, toisc gurb as an Oileán Úr a tháinig an tráta.

Bosca Sonraí BiaPíotsa
Bunús
Tír dhúchaisan Iodáil
Gastranómachaisbia na hIodáile
Sonraí
Cineálbia saoráideach, finished good (en) Aistrigh, arán leathan agus píotsaí agus casaróil
Múnlándiosca agus dronuilleog
Príomh-chomhábhairanlann trátaí, plúr, mozzarella, ola agus salann
Píotsaí ag cócaireacht

San Iodáil, b'é an píotsa príomhbhia na ndaoine bochta sa naoú haois déag, agus ba le Napoli thar aon áit eile a samhlaíodh é. Shroich an píotsa Meiriceá i ndeireadh na naoú haoise déag, nuair a bhí na mílte Iodálaigh ag dul ar imirce agus ag cur fúthu sna Stáit Aontaithe, agus iad ag tabhairt a gcuid bia leo, ar ndóigh. Níor thug na sluaite síoraí taobh amuigh de na pobail Iodálacha i Meiriceá taithneamh don phíotsa ach i ndiaidh an Dara Cogadh Domhanda, áfach. Na saighdiúirí Meiriceánacha a bhí ina n-arm forghabhála san Iodáil i ndeireadh an chogaidh, ní raibh siad sásta le bia an airm, agus b'fhearr leo dul ar lorg an bhia áitiúil Iodálaigh - agus is é an píotsa an cineál bia ba réidhe a bhí ar fáil. Nuair a d'fhill siad abhaile, lean siad leo ag ithe píotsaí, agus de réir a chéile, tháinig borradh mór ar an bpíotsadóireacht mar ghnó. Sa deireadh, scaip an píotsa ar fud an domhain le cuidiú na sreangshiopaí mearbhia Meiriceánacha.

Tagairtí cuir in eagar