Pápa Eoin Pól I

Pápa in 1978 (1912-1978)

Bhí an Pápa Eoin Pól I ina phápa ar feadh 33 lá ón 26 Lúnasa go dtí an 28 Meán Fómhair sa bhliain 1978 sula bhfuair sé bás tobann.

Infotaula de personaA Naofacht
Pápa Eoin Pól I

Cuir in eagar ar Wikidata
Ainm sa teanga dhúchais(la) Ioannes Paulus PP. I
Beathaisnéis
Breith(it) Albino Luciani
17 Deireadh Fómhair 1912
Canale d'Agordo, An Iodáil Cuir in eagar ar Wikidata
Bás28 Meán Fómhair 1978
65 bliana d'aois
Cathair na Vatacáine Cuir in eagar ar Wikidata
Siocair bháisBás nádúrtha (Ionfharchtadh miócairdiach)
Áit adhlacthauaimh na Vatacáine
Baisleac Pheadair Cuir in eagar ar Wikidata
263 Pápa
26 Lúnasa 1978 – 28 Meán Fómhair 1978
← Pápa Pól VIPápa Eoin Pól II →
Cairdinéal
5 Márta 1973 –
Patrarc na Veinéise
1969 – 1978
← Giovanni UrbaniMarco Cé →
Roman Catholic Bishop of Vittorio Veneto (en) Aistrigh
15 Nollaig 1958 – 1969
← Giuseppe CarraroAntonio Cunial →
Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
ReiligiúnCaitliceachas
Scoil a d'fhreastail sé/síOllscoil Phontaifiúil Ghréagóra Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Réimse oibreRoman Catholic dogma (en) Aistrigh, moral theology (en) Aistrigh, dlí canónta, ministreacht Pheadair, Eaglais Chaitliceach Rómhánach agus pápacht
Suíomh oibre An Róimh
An Veinéis
Cathair na Vatacáine
Vittorio Veneto Cuir in eagar ar Wikidata
Gairmsagart Caitliceach Rómhánach (1935–), deagánach Caitliceach (1935–), easpag Caitliceach, scríbhneoir, múinteoir ollscoile, Pápa Cuir in eagar ar Wikidata
TeangachaAn Iodáilis agus an Laidin
CoisreacanPápa Eoin XXIII Cuir in eagar ar Wikidata
Ardú
Lá féile26 Lúnasa Cuir in eagar ar Wikidata
Ghlac sé/sí páirt i
26 Lúnasa 1978comhthionól cairdinéal Lúnasa 1978
11 Deireadh Fómhair 1962An Dara Comhairle Vatacánach Cuir in eagar ar Wikidata
Teaghlach
AthairGiovanni Luciani
SiblínAntonia Luciani
Gradam a fuarthas
Síniú

(la) Humilitas

Suíomh gréasáinfondazionepapaluciani.it… Cuir in eagar ar Wikidata
Discogs: 463620 Find a Grave: 2378 Cuir in eagar ar Wikidata

Rugadh é do theaghlach cosmhuintire i gCanale d'Agordo i dtuaisceart na hIodáile i 1912 faoin ainm Albino Luciani. Bhí ar a athair, Giovanni Luciani tréimhsí fada a fanacht as baile le dul ar lorg oibre. Ba sóisialach é an t-athair, ach ba Caitliceach cráifeach í máthair na clainne. Chuaigh Albino le sagartóireacht. hOirníodh ina shagart é sa bhliain 1935 agus bhain sé amach dochtúireacht ó Ollscoil Ghréagórach na Róimhe. Ina dhiaidh sin, chaith sé na blianta fada ina Ollamh le Diagacht i gcliarscoil Belluno. Bhí sé fós ag múineadh ansin nuair a bhí an dochtúireacht á déanamh aige, agus is é an breithiúnas a tugadh ar a dhochtúireacht ná magna cum laude. B'é ab ábhar don dochtúireacht ná "bunús an anama de réir Antonio Rosmini" - fealsamh Iodálach ab ea Rosmini a mhair sa chéad leath den naoú haois déag - agus cháin Luciani dearcadh diagachta Rosmini ina shaothar dochtúireachta féin.

Bhí roinnt postanna aige mar riarthóir eaglaise sula ndearnadh Easpag Vittorio Veneto de. Ina dhiaidh sin, bhí sé ina Phatrarc ar Venezia agus ina Chairdinéal.

Toghadh é mar Phápa tar éis bhás an Phápa Pól VI. B'é an chéad Phápa a roghnaigh ainm dúbailte: Eoin Pól. Mar sin, thug sé ómós don bheirt Phápaí roimhe féin, is é sin, Eoin XXIII agus Pól VI. Chuir sé deireadh le deasghnátha áirithe a bhain le hinsealbhú an Phápa, an corónú mar shampla.

Ní raibh súil ag aon duine le chomh tobann a bhásódh sé. A thúisce a bhí sé síothlaithe, thosaigh ráflaí ag dul timpeall. Bhí sé ina scéal reatha gur dúnmharaíodh é, toisc go raibh sé ag cur an iomarca suime i ngnóthaí baincéireachta éigin de chuid na hEaglaise nach raibh cuma cheart orthu. Scríobhadh lear mór leabhar faoi na luaidreáin seo, ach is deacair a rá an bhfuil bunús leo. I ndiaidh an iomláin, tá fianaise ann go raibh a chroí ag luí ar Albino Luciani le tamall anuas. Tá cás Eoin Póil I cosúil le scéal Phius VIII a raibh drochshláinte air chomh maith agus nach raibh oiread is dhá bhliain Pápachta i ndán dó nuair a ceapadh é. Bhí sé i mbun na hoifige sna blianta 1829-1830.

Is é an breithiúnas a bhí ag na daoine ar Eoin Pól I ná gur uncail cairdiúil, cineál páistiúil, a bhí ann agus é ní ba tugtha do Phinocchio ná do leabhartha léannta na diagachta. Ní raibh clú an intleachtóra air. I gcúrsaí diagachta, bhí dearcadh coimeádach aige, ach san am céanna, cháin sé brúidiúlacht na ndeachtóirí i Meiriceá Theas: nuair a tháinig Uachtarán míleata na hAirgintíne, Jorge Videla, ar cuairt chuige, lochtaigh an Pápa é faoin dóigh ar sháraigh Videla agus a rialtas cearta an duine le linn an "chogaidh shalaigh" a chuir siad ar radacaigh na heite clé.

Armas