Tagann an comhthionól cairdinéal (an conclave i mBéárla) le chéile go rúnda chun Pápa nua a thoghadh.

Teimpléad:WD Bosca Sonraí ImeachtToghchán an Phápa
Íomhá
Map
Cineáltionól de toghthóir cairdinéil Cuir in eagar ar Wikidata
Bailíocht1274 - 
TírCathair na Vatacáine Cuir in eagar ar Wikidata
Baint le limistéar údaráisCathair na Vatacáine Cuir in eagar ar Wikidata
Oifig le buachanPápa Cuir in eagar ar Wikidata
Le cuid


Toghchán Benedictus XVI, 2005

An Conclave cuir in eagar

I ndiaidh bháis an Phápa, deimhníonn ceannaire Choláiste na gCairdinéil, an Camerlego, an bás. Ina sheasamh os comhair an choirp, glaonn sé ainm baiste an Phápa. Toisc nach gcloistear freagra, fógraíonn sé bás an Phápa. Ansin, socraíonn sé briseadh Fháinne an Phápa – ar a bhfuil greanta ainm an Phápa i réim – agus Séala an Phápa freisin. Cruthófar fáinne eile i gcomhair an phápa nuathofa níos deireanaí. Leis seo, socraíonn an Camerlego tórramh an Phápa agus na naoi lá bróin a bhíonn mar nós ar ócáid mar seo. Anois, le cuidiú ó triúr oifigeach de chuid an choláiste, stiúrainn sé an toghchán chun Pápa nua a roghnú.

Tagann Coláiste Rónaofa na gCairdinéil go haonláthair sa Vatacán i gcomhar an toghcháin idir cúig lá dhéag agus fiche lá i ndiaidh an bháis. As gach aird na cruinne, is iadsan rogha an Phápa chun cuidiú agus comhairleadh leis. Bhí 117 cairidinéal in ann vótáil i 2008.

Tar éis aifrinn i mBasilica Naomh Pheadair, téann na cairdinéil isteach i seomra daingean, lámh leis an Séipéal Sistín le haghaidh an toghcháin, rud a dtugtar comhdháil air. Tugann chuile chairdinéal mionn rúndachta go gcoimeádfaidís cúrsaí an toghcháin faoi cheilt. Má dhéantar feall ar an mionn seo, is é coinnealbháiteadh an pionós. Curtha faoi ghlas sa seomra seo, seomra ina ndearnadh géarchuardach cheana ar eagla go mbeadh gléasanna éisteachta ann, bíonn na cairdinéil fáiscthe go dlúth daingean ón domhain go léir. Cuirtear séalaí ar gach slí isteach agus dúntar na cuirtíní.

Maidin arna mhárach, ceiliúrtar aifreann sa Séipéal Sistín. Tar éis sin, cuirtear an seisiún toghchána ar bun. De réir athrú a rinne an Pápa Pól VI, níl cead vótála ag cairdinéal atá breis is ceithre scór bliain d’aois. Cé nach toghadh ach cairdinéil leis na cianta, tá gach Caitliceach fásta fireann “papabile” (ina iarrthóir féideartha don Phápacht) de réir teoirice, ar aon nós!

Is le ballóid rúnda scríofa a dhéantar an toghchán agus is iad an Camerlego agus an triúr ina chuideacht a bhíonn i mbun áirimh. Roimhe seo, bhí dhá thrian agus aon vóta amháin de dhíth chun Pápa nua a thoghadh. I 1996, áfach, d’athraigh an Pápa Eoin Pól II an coinníoll seo. Anois, mara bhfuil toradh faighte tar éis 12 nó 13 lá, is féidir Pápa nua a thoghadh ar tromlach glan (leath agus aon vóta amháin).

Bíonn dhá bhallóid ar maidin agus dhá cheann san iarnóin go toradh. Tar éis gach seisiún vótála, dóitear na páipéir ballóid. Mara bhfuil réiteadh ann, cuirtear ábhar ceimiceach ar na páipéir chun deatach dubh a chur amach. Le feiceáil os cionn dhíon Phálás na Vatacáine, is comhartha é seo don slua bailithe le chéile i gCearnóg Naomh Pheadair go bhfuil an eaglais fós gan Phápa.

Habemus papem! cuir in eagar

I ndeireadh na dála, nuair atá cinneadh déanta ag na cairdinéil, íslíonn gach cairdinéal ceannbhrat corcra os comhair a chathaoireach agus fágtar ceannbhrat an Phápa nuathofa fillte. Cuirtear na ballóid deireanaigh sa tine agus is é an deatach bán astu an comhartha go bhfuil toradh faighte sa toghchán. Fiafraíonn Déan na gCairdinéil den ball roghnaithe an nglacann sé leis an toghchán agus má ghlacann, cén t-ainm ab fhearr leis a bheith air. Ag an bpointe seo, aithnítear é go hoifigiúil mar Pontifex Maximus, Pápa Naofa na Róimhe. I ndiaidh glactha, déantar Easpag na Róimhe de agus umhlaíonn chuile chairdinéal roimhe.

Ansin, cuirtear Éadaí na bPapacht air, soutane bán agus caipín cloiginne. Déantar seo i “Seomra na nDeor”, mar a dtugtar air, mar is annamh go mbíonn Pápa nuathofa tochtach agus sileann na deora nuair a bhraitheann sé go soiléir a raibh i ndán do ina shaol. Dá mba rud é gur toghadh fear nach raibh ina shagart, is é de dhualgas ar Déan Choláiste na gCairdinéil gach teideal eaglasta a bhronnadh air, ó shagart go heaspag, go dtí go mbeidh sé ábalta bheith ina Easpag na Róimhe, rud atá éigeantach ar gach Pápa. Más easpag é ar deoise in áit eile, mar a tharlaíonn de ghnáth, éiríonn sé as an bpost sin.

Ansin, téann Déan Choláiste na gCairdinéil amach ar bhalcóin na Vatacáine agus foilsíonn sé an scéala seo:

Annuntio vobis gaudium magnum:
Habemus Papam!
Eminentissimus et Reverendissimus Dominus, Dominus [AINM]
Sanctae Romanae Ecclesiae Cardinalis
Qui sibi accipit nomen [AINM PÁPACH].

Fógraím dea-scéala mór daoibh:
Tá Pápa againn!
An Tiarna Oirirc Urramach, an Tiarna Cairdinéal [AINM]
de chuid Eaglais Naofa na Róimhe
a ghlacann dó féin an t-ainm [AINM PÁPACH].

Nochtann an Pápa nua é féin ar thaobh an Déin chun Beannacht Apstaileach a thabhairt. Ba nós é an Pápa nua a iompar ar fud na gCearnóige ar an Sedia Gestatoria (Ardchathaoir an Phápa) agus Tiara (coróin) an Phápa a chur ar a cheann le go leor deasgnáith. Ba shiombalachas ríoga é seo a d’éirigh seanaoiseach sna blianta seo caite agus ba é an Pápa Eoin Pól I a chuir deireadh leis an nós seo. Níl a thuilleadh deasgnáith de dhíth mar, i ndiaidh toghcháin, níl aon neach níos uaisle san eaglais, de réir diagachta, a bhfuil an údarás aige chun a leithéid a dhéanamh.

Cúpla lá i ndiaidh an toghcháin, deirtear an chéad Aifreann Pápach. Ar siúl don altóir doibh, stadann an mórshiúil faoi thrí chun píosa línéadaigh a chur trí thine, atá ceangailte ar giolcach. Le meath na lasracha, deireann duine éigin go séimh leis an bPápa “Pater Sancte, sic transit gloria mundi” (a Athair Naofa, is mar seo a imíonn glóir an tsaoil). Deirtear seo mar chuimhneachán don Pápa gur duine fós e le bás i ndán do, cé go bhfuil post ollmhór aige sa saol seo.

Tagairtí cuir in eagar