Pápa Pius XI
Pápa ó 1922 go 1939
Bhí Pius XI ina phápa ar an Eaglais Chaitliceach ó 1922 go 1939. Iodálach a bhí ann, darbh ainm Achille Ratti. Bhí sé ina leabharlannaí sa Biblioteca Ambrosiana i Milano sular ceapadh mar Ardeaspag Milano é. Toghadh mar phápa é tar éis bháis Beinidict XV sa bhliain 1922.

Bhí cáil ar an bPápa Pius XI mar gheall ar a chuid scríbhneoireachta ar cheisteanna sóisialta, go háirithe Quadregessimo Anno sa bhliain 1931.
Bhí air déileáil le teacht chun cinn na ndeachtóirí san Eoraip le linn na 1930idí.
Tháinig a rúnaí stáit, Eugenio Cairdinéal Pacelli, i gcomharbacht air faoin ainm Pius XII nuair a fuair sé bás sa bhliain 1939.
Féach freisin
cuir in eagarTagairtí
cuir in eagarIs síol faoi chreideamh é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |
Is síol faoin Iodáil é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |