Mazurek Dąbrowskiego

amhrán náisiúnta na Polainne

Is é Mazurek Dąbrowskiego (is mar "Dombrowski" a fhuaimnítear an sloinne sin Dąbrowski, ó sheasann an litir Pholainnise úd ą do [o] le srónaíl), nó Masúrca Dąbrowski, amhrán náisiúnta na Polainne. Is é an chéad teideal a bhí ar an amhrán ná Pieśń Legionów Polskich we Włoszech nó Amhrán na Léigiún Polannach san Iodáil. Chum Józef Wybicki an téacs i gcathair Reggio sa bhliain 1797, agus chualathas an t-amhrán á chanadh sa Pholainn le linn cheannaircí móra na naoú haoise déag, is é sin, Éirí Amach Mhí na Samhna (1830) agus Éirí Amach Mhi Eanáir (1863). Sa naoú haois déag, bhí na gluaiseachtaí daonlathacha ag maíomh dlúthpháirtíochta leis na Polannaigh, agus dá réir sin, haistríodh an t-amhrán go sraith mhaith teangacha. Is féidir é a chanadh as Gearmáinis, mar shampla, faoin teideal Noch ist Polen nicht verloren ("Níl an Pholainn caillte go fóill").

WD Bosca Sonraí Saothar CeoilMazurek Dąbrowskiego

Cuir in eagar ar Wikidata
Foirm cheoilamhrán náisiúnta Cuir in eagar ar Wikidata
Sámpla ceoil Cuir in eagar ar Wikidata
Tonúlachtmórghléas F Cuir in eagar ar Wikidata
Cumadóirluach anaithnid
LiriceoirJózef Wybicki (en) Aistrigh
Teanga an tsaothair nó an ainman Pholainnis
Dáta a bunaíodh26 Feabhra 1927
Dáta foilsitheIúil 1797
Seánraamhrán tírghrách agus Masúrca
Musicbrainz: e35abe70-9bd9-44a0-8aea-08db69ee1a7e IMSLP: Mazurek Dąbrowskiego (Anonymous) Cuir in eagar ar Wikidata

Fuair an file Slovacach Samuel Tomašik inspioráid ón amhrán seo le Hej, Slované ("Hóra, a Shlavacha") a chumadh - amhrán atá ceaptha mar chomhamhrán náisiúnta do na Slavaigh go léir.

Maidir le Mazurek Dąbrowskiego, glacadh leis mar amhrán náisiúnta agus stáit na Polainne sa bhliain 1827. An leagan thíos a úsáidtear go hoifigiúil, tá sé beagáinín difriúil le leagan Wybicki, a bheadh sách deacair le tuiscint ag Polannach an lae inniu, toisc chomh seanfhaisiúnta agus atá an stíl is an teanga.

Liricí cuir in eagar

   Jeszcze Polska nie zginęła,
   Kiedy my żyjemy.
   Co nam obca przemoc wzięła,
   Szablą odbierzemy.
   ("Níl an Pholainn caillte go fóill,
    Ó mhairimidne beo.
    An rud a sciobadh uainn le lámh láidir iasachta,
    Glacfaidh muid ar ais é le claíomh.")
   curfá:
   Marsz, marsz, Dąbrowski,
   Z ziemi włoskiej do Polski,
   Za twoim przewodem
   Złączym się z narodem.
   curfá:
   ("Chun tosaigh, a Dąbrowski,
    ó thír na hIodáile go dtí an Pholainn.
    Agus tú i gceannas orainn,
    Tiocfaidh muid agus ár muintir le chéile arís.")
   Przejdziem Wisłę, przejdziem Wartę,
   Będziem Polakami,
   Dał nam przykład Bonaparte,
   Jak zwyciężać mamy.
  ("Trasnóidh muid Abhainn Wisła agus Abhainn Warta,
   Beidh muid inár bPolannaigh arís, 
   Nó thaispeáin Bonaparte dúinn
   An dóigh cheart le bua a bhreith.")
   curfá:
   Marsz, marsz, Dąbrowski...
   curfá:
    
   Jak Czarniecki do Poznania
   Po szwedzkim zaborze,
   Dla ojczyzny ratowania
   Wrócim się przez morze.
  ("Mar a tháinig Czarniecki go Poznań
   I ndiaidh ghabháltas na Sualannach,
   Le tarrtháil a thabhairt do Thír ár nDúchais
   Fillfidh muid, thar farraige.")
   curfá:
   Marsz, marsz, Dąbrowski...
   curfá:
    
   Już tam ojciec do swej Basi
   Mówi zapłakany:
   "Słuchaj jeno, pono nasi
   Biją w tarabany."
  ("Seo a hathair ag labhairt le Basia,
    Agus deora lena shúile:
    Éist, a iníon! Seo ár gcuid fear-ne
    Ag baint cheoil as na drumaí.")
   curfá:
   Marsz, marsz, Dąbrowski...
   curfá:
    

Ceol cuir in eagar

Nasc cuir in eagar

HYMN PAŃSTWOWY RZECZYPOSPOLITEJ POLSKIEJ Curtha i gcartlann 2007-07-03 ar an Wayback Machine - Eolas faoi stair an amhráin as Polainnis ar leathanaigh Roinn Oideachais na Polainne, chomh maith le nótaí an amhráin le híoslódáil. Tá cóirithe éagsúla ar fáil anseo (féach "Pliki do pobrania", a chiallaíonn "Comhaid le haghaidh íoslódála"): pianó, cór agus ceolchoirm.