Is í Łódź (fuaimniú: ‹bhúits›) an tríú cathair is mó sa Pholainn. Lonnaithe sa chuid lárnach den tír, tá daonra de 698,688 (2016) aici. Is í príomhchathair an réigiúin (Województwo) Łódź í, agus tá sí thart ar 135 ciliméadar siar ó dheas ó Vársá.  Sampla d'armas labhartha (Béarla: Canting arms) is ea armas na cathrach: a thaispeánann bád. Tagraíonn sé d'ainm na cathrach a aistríonn go litriúil mar "bád."

Bosca Geografaíocht PholaitiúilŁódź
Bratach Armas
Bratach Armas

Łódź Fabryczna railway station (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata

Mana«Ex navicula navis»
«Z łódeczki łódź» Cuir in eagar ar Wikidata
Suíomh
Map
 51° 45′ 00″ N, 19° 28′ 00″ E / 51.75°N,19.4667°E / 51.75; 19.4667
Stát ceannasachan Pholainn
Voivodeship of Poland (en) AistrighŁódź Voivodeship (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Príomhchathair de
Daonra
Iomlán670,642 (2021) Cuir in eagar ar Wikidata
• Dlús2,288.88 hab./km²
Tíreolaíocht
Achar dromchla293 km² Cuir in eagar ar Wikidata
Airde219 m Cuir in eagar ar Wikidata
Ar theorainn le
Sonraí stairiúla
Cruthú29 Iúil 1423
Eagraíocht pholaitiúil
• Ceannaire an rialtaisHanna Zdanowska (2010–) Cuir in eagar ar Wikidata
Aitheantóir tuairisciúil
Cód poist90-001–94-413 Cuir in eagar ar Wikidata
Lonnaithe i gcrios ama
Glaochód42 Cuir in eagar ar Wikidata
Eile

Suíomh gréasáinuml.lodz.pl Cuir in eagar ar Wikidata

Facebook: lodzpl X: miasto_lodz Instagram: kochamlodz Cuir in eagar ar Wikidata

Bhí Łódź uair amháin ina lonnaíocht bheag, a chéad tháinig i láthair sna taifid scríofa thart ar 1332. Go luath sa 15ú haois deonaíodh stádas cathrach uirthi, ach d'fhan sí sách beag agus ina bhaile neamhshubstaintiúil. Ba réadmhaoin de chuid easpaigh agus cléir Chuiavia í, go dtí deireadh an 18ú haois, nuair a d'ionghabh an Phrúis Łódź, mar thoradh ar dhara críochdheighilt na Polainne. Tar éis cliseadh  Diúcacht neamhspleách Vársá, d'éirigh an chathair ina chuid de Chomhdháil an Pholainn, cliant-stát de chuid Impireacht na Rúise. B'é ansin gur bhain Łódź borradh mór amach, ar an tionscal éadaigh agus ar an daonra mar gheall ar insreabhadh na n-imirceach, ach go háirithe Gearmánaigh agus Giúdaigh. Ó shin i leith, bhí an chathair ag streachailt le go leor deacrachtaí, a leithéid agus ilnáisiúnachas agus neamhionannas sóisialta, a bhí doiciméadaithe go gléineach san úrscéal An Tír Tairngire, scríofa ag an Pólannach. an t-údar Władysław Reymont, a bhain Duais Nobel amach. Bíonn an codarsnacht mór seo le feiceáil ar ailtireacht na cathrach, áit ina mbíonn árais sócúlacha agus monarchana deargbhríceach agus seantithe tionóntáin taobh le chéile.[1]