An Chosaiv
| |||||
Mana: | |||||
Amhrán náisiúnta: Evropa (= An Eoraip) | |||||
![]() | |||||
Príomhchathair | Pristine 42°40′ Thuaidh 21°10′ Thoir | ||||
An chathair is mó | An phríomhchathair | ||||
Teangacha oifigiúla | Albáinis, Seirbis | ||||
Rialtas | Poblacht faoi chúram na NA Hashim Thaçi Isa Mustafa | ||||
Neamhspleáchas Fógraithe |
ón tSeirbia 17 Feabhra 2008 | ||||
Achar • San iomlán • Uisce (%) |
10,887 km² (N/A) ~ | ||||
Daonra • Meas. ó 2005 • Daonáireamh [[ ]] • Dlús |
2,200,000 (N/A) 220/km² (N/A) | ||||
OTI (PCC) • San iomlán • An duine |
Meas. ó [[ ]] N/A (N/A) N/A (N/A) | ||||
Airgeadra | Euro (EUR )
| ||||
Crios ama • Samhradh (CSL) |
CET (UTC+1) CEST (UTC+2) | ||||
Fearann Idirlín | (Níl aon ann) | ||||
Glaochód | +383
| ||||
Tír atá suite in oir-dheisceart na hEorpa is ea an Chosaiv (Albáinis: Kosovë nó Kosova, Seirbis: Косово nó Kosovo). Tá an Chosaiv teorantach leis an Albáin (thiar theas), le Montainéagró (thiar) agus le Poblacht na Macadóine (theas).
Bhí an Chosaiv mar chuid de dheisceart Seirbia ach níor tugadh aitheantas di, mar thír. Fógraíodh Forógra na Saoirse ón tSeirbia ón tSeirbia ar an 17 Feabhra 2008. Ach tá an Chosaiv faoi chúram na Náisiún Aontaithe ón bhliain 1999.
TíreolaíochtCuir in Eagar
Sa bhliain 2005 bhí níos mó ná dhá mhilliún duine ina gcónaí sa chúige. Is Albánaigh iad an chuid is mó den daonra (92% sa bhliain 2007). Tá na Seirbigh sa dara áit le 5.3%.
Is í Priština (600,000 duine) an phríomhchathair agus an chathair is mó. Is iad na cathracha eile is mó sa Chosaiv ná
- Prizren in iardheisceart na tíre (165,000),
- Uroševac sa deisceart (108,690),
- Peć san iarthar (95,723) agus
- Kosovska Mitrovica sa tuaisceart (71,601).
Tír sléibhtiúil is ea an Chosaiv. Tá na sléibhte Šar suite i ndeisceart agus oirdheisceart na tíre agus iad teorantach leis an Mhacadóin. Is é Đeravica (2,656m) an sliabh is airde sa chúige agus é suite in aice leis an teorainn idir an Chosaiv, an Albáin agus Montainéagró.
Is iad na príomhaibhneacha ná an Drin Bán, Sitnica, Morava, agus Ibar.
StairCuir in Eagar
Tugadh an Chosaiv isteach mar chuid de Sheirbia sa bhliain 1913 tar éis Cogadh na mBalcán|Chogadh na mBalcán. Rinneadh cuid den Iúgsláiv dí nuair a tháinig deireadh leis an gCéad Cogadh Domhanda sa bhliain 1918.
Sa bhliain 1974 rinneadh cúige neamhspleách de chuid na hIúgsláive Tito den Chosaiv. Bhí an stádas seo ag an gcúige go dtí an bhliain 1990.
Fógraíodh neamhspleáchas na Cosaive sa bhliain 1991 ach chuir rialtas na Seirbia an cúige fá smacht go dtí Cogadh na Cosaive sa bhliain 1998/1999.
Fógraíodh neamhspleáchas na Cosaive sa pharlaimint ar an 17 Feabhra 2008. Faoi láthair, tá an tír faoi chúram na Náisiún Aontaithe.
Forannta náisiúntaCuir in Eagar
- Deçan / Dečani
- Dragash / Dragaš
- Drenas / Glogovac
- Ferizaj / Uroševac
- Fushë Kosovë / Kosovo Polje
- Gjakova / Đakovica
- Gjilan / Gnjilane
- Gracanicë / Gračanica
- Hani i Elezit / Elez Han
- Istog / Istok
- Junik / Junik
- Kaçanik / Kačanik
- Kamenicë / Kosovska Kamenica
- Klinë / Klina
- Kllokot / Klokot-Vrbovac
- Leposaviq / Leposavić
- Lipjan / Lipljan
- Malishevë / Mališevo
- Mamush / Mamuša
- Mitrovicë Veriore / Severna Mitrovica
- Mitrovicë / Kosovska Mitrovica
- Novobërdë / Novo Brdo
- Obiliç / Obilić
- Rahovec / Orahovac
- Partesh / Parteš
- Pejë / Peć
- Podujevë / Podujevo
- Prishtinë / Priština
- Prizren / Prizren
- Ranillug / Ranilug
- Skënderaj / Srbica
- Shtërpcë / Štrpce
- Shtime / Štimlje
- Suharekë / Suva Reka
- Viti / Vitina
- Vushtrri / Vučitrn
- Zubin Potok / Zubin Potok
- Zveçan / Zvečan
Naisc SheachtrachaCuir in Eagar
TagairtíCuir in Eagar
|
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |