Bratach Fhlóndras
An Comhphobal Pléimeannach (dearg)

Tá dhá bhrí leithleacha ach ghaolmhara leis an téarma Comhphobal Pléimeannach (Ollainnis]: Vlaamse Gemeenschap [ˈvlaːmsə ɣəˈmeːnsxɑp] ; Fraincis: Communauté flamande [kɔmynote flamɑ̃d]; Gearmáinis: Flämische Gemeinschaft [ˈflɛːmɪʃə ɡəˈmaɪ̯nʃaft]):

  1. Ó thaobh an chultúir agus na socheolaíochta de, tagraíonn sé d'eagraíochtaí Pléimeannacha, meáin Phléimeannacha agus saol sóisialta agus cultúrtha Pléimeannach; nathanna malartacha a d'fhéadfadh a bheith ar an gcoincheap seo ná "daoine Pléimeannacha" nó "náisiún Fhlóndras". Sa chás sin, níor cheart céad litir an fhocail "comhphobal" a scríobh mar cheannlitir (i.e. an comhphobal Pléimeannach).
  2. Ó thaobh na polaitíochta de, is é an t-ainm ar cheann de na trí chomhphobal institiúideacha sa Bheilg. Sa chás sin, ba cheart céad litir an dá fhocail a scríobh mar cheannlitreacha (i.e. an Comhphobal Pléimeannach). ceann de na trí chomhphobal institiúideacha sa Bheilg. Bunaíodh le bunreacht na Beilge é agus tá freagrachtaí dlí aige laistigh de theorainneacha geografacha beachta limistéar teanga na hOllainnise agus limistéar dátheangach Príomhchathrach na Bruiséile. Murab ionann is Comhphobal na Fraincise sa Bheilg, rinneadh inniúlachtaí Chomhphobal Fhlóndras a aontú le hinniúlachtaí Réigiún Fhlóndras agus feidhmíonn Parlaimint Fhlóndras, atá bunaithe sa Bhruiséil, iad.

StairCuir in Eagar

Mar gheall ar athchóiriú Stáit sa Bheilg, rinneadh stát feidearálach den stát aonadach a bhí ann ar dtús. Is iad comhphobail chultúrtha an chéad cineál díláraithe a bhí ann in 1970, lenar bunaíodh Comhphobail Chultúrtha na hOllainnise, na Fraincise agus na Gearmáinise. Níos déanaí, in 1980, d'éirigh na comhphobail sin chun bheith freagrach as níos mó cúrsaí cultúrtha agus athainmníodh iad mar "Chomhphobal". Ag an am sin, athainmníodh Comhphobal (Cultúrtha) na hOllainnise mar "Chomhphobal Fhlóndras". Mar chuid den athchóiriú stáit céanna in 1980, cuireadh Réigiún Fhlóndras agus Réigiún na Vallúine ar bun (cuireadh Réigiún na Bruiséile ar bun níos déanaí). I bhFlóndras, cinneadh go nglacfadh institiúidí Chomhphobal Fhlóndras cúraimí an Réigiúin Phléimeannaigh air féin, rud a chiallaíonn nach ann ach do Pharlaimint agus do Rialtas amháin do Fhlóndras.

Údarás dlíCuir in Eagar

Príomhalt: Comhphobail, réigiúin agus limistéir teanga na Beilge Faoi Bhunreacht na Beilge, tá freagrach iomlán ar Chomhphobal Fhlóndras as an méid seo a leanas:

  • oideachas (ach amháin ceanglais a bhaineann le céimeanna, an aois uasta agus íosta don oideachas éigeantach agus pinsin na múinteoirí);
  • cultúr;
  • reachtaíocht teanga i mbardais aonteangacha Ollainnise;
  • gnéithe áirithe maidir le leas, cúram sláinte agus liúntais leanaí;
  • comhar idirnáisiúnta i ngach réimse inniúlachta den Chomhphobal.

Toisc gur ghlac institiúidí Chomhphobal Fhlóndras (parlaimint, rialtas agus aireacht) le gach inniúlacht den Réigiún Pléimeannach, tháinig siad chun bheith inniúil as gach réimse beartas réigiúnach freisin, lena n-áirítear an méid seo a leanas:

  • talmhaíocht (cé gurb é an tAontas Eorpach a chinneann an beartas seo den chuid is mó);
  • oibreacha poiblí agus forbairt eacnamaíoch réigiúnach;
  • údaráis áitiúla;
  • timpeallacht;
  • saorghluaiseacht;

fuinneamh (cé gur ar an leibhéal feidearálach fós an fuinneamh núicléach).

Níl aon cheart vótála ag baill de Pharlaimint Fhlóndras a thoghtar i Réigiún na Bruiséile maidir le gnóthaí réigiúnacha Pléimeannacha. Níl ceart vótála acu ach maidir le gnóthaí comhphobail toisc gurb í Parlaimint na Bruiséile a rialaíonn gnóthaí a bhaineann lena réigiún féin. Ó thaobh an dlí de, níl Comhphobal Flóndras, i réigiún na Bruiséile, freagrach as daoine aonair ach as institiúidí Pléimeannacha amhail scoileanna, amharclanna, leabharlanna agus músaeim. Is é an fáth atá leis sin nach ann do stádas fonáisiúnta sa Bheilg. Mar sin féin, is féidir le daoine aonair a bhfuil cónaí orthu sa Bhruiséil glacadh le beartais áirithe de chuid Chomhphobal Fhlóndras dá dtoil féin.

TeangaCuir in Eagar

 
Comhartha dátheangach sa Bhruiséil

Is í Ollainnis teanga oifigiúil Chomhphobal Fhlóndras. Labhraíonn mionlaigh Fraincis, Giúdais, Tuircis, Araibis, Beirbeiris, Iodáilis, Spáinnis, Béarla agus Gearmáinis. Cé gur inimircigh a tháinig chun na Beilge le gairid atá sa chuid is mó de na grúpaí sin, ón Meánaois i leith, is iad na Giúdaigh an mionlach is sine chun a bhféiniúlacht a choinneáil.

I gcomparáid leis an gcuid is mó de na limistéir san Ísiltír, de ghnáth bíonn canúintí stairiúla na bPléimeannach fós láidir agus sainiúil don cheantar. Ón Dara Cogadh Domhanda ar aghaidh, áfach, is é an toradh atá ar thionchair an raidió agus na teilifíse, agus ar thionchar oideachais a mhaireann, i ginearálta, níos faide, mar aon leis an tsoghluaisteacht níos airde chun turais ghearra a ghlacadh nó chun bogadh go dtí ceantair i bhfad, gur tháinig na canúintí "glana" traidisiúnta i léig, go háirithe i measc na ndaoine óga. Tá cuid de na difríochtaí idir na canúintí á laghdú de réir a chéile agus, go príomha i gceantair nó bruachbhailte a bhfuil plódú suntasach iontu ó limistéir eile, tá canúintí idirmheánacha tar éis teacht chun cinn agus leibhéil éagsúla tionchair orthu mar gheall ar an Ollainnis chaighdeánach. In Ollainnis, tugtar tussentaal orthu ("teanga idir eatarthu", a úsáidtear go minic i gcás Ollainnis atá beagnach caighdeánach ach lena measctar gnéithe tipiciúla canúna) nó, ar bhealach dímheasúil, verkavelingsvlaams (meascán de chanúintí atá, a bheag nó a mhear, "glanta suas" mar a chloistear i limistéar bruachbhailteach atá nua-thógtha ina bhfuil daoine a mbíonn tionchar ag canúintí difriúla orthu). Le déanaí, cuireadh roinnt tionscnamh áitiúil ar bun chun na canúintí traidisiúnta agus éagsúlacht na gcanúintí a shábháil.

Sa Bhruiséil, tá tionchar mór ar an gcanúint áitiúil ag an bhFraincis, ó thaobh an fhuaimnithe de agus an stóir focal de. Sa lá atá inniu ann, ní labhraíonn an chuid is mó de na Pléimeannaigh sa Bhruiséil an chanúint áitiúil. Is amhlaidh an scéal mar gheall, go páirteach, ar an líon réasúnta mór Pléimeannach óg atá ag teacht chun na Bruiséile tar éis tréimhse an-fada inar bhog Pléimeannaigh eile amach agus inar bhog Frainciseoirí isteach.

I mbardais áirithe feadh na teorann le réigiúin na Vallúine agus na Bruiséile, bíonn "cumais teanga" ag Frainciseoirí. Leis na cumais sin, cumhdaítear cearta amhail an ceart go bhfaigheadh duine doiciméid oifigiúla ina dteanga féin. Bíonn "cumais" chomhchosúla ag daoine a bhfuil Ollainnis acu i roinnt mbardas Vallúnach atá ag roinnt teorann leis an Réigiún Pléimeannach, ag Gearmáiniseoirí sa dá bhardas i limistéar teanga na Fraincise i Réigiún na Vallúine, agus ag Frainciseoirí i gcríoch Chomhphobal na Gearmáinise. Mar gheall ar shrianta geografacha na gcomhphobal, bíonn ar Chomhphobal na Fraincise bunoideachas Ollainnise a áirithiú ina bhardais a bhfuil cumais teanga ach do dhaoine a labhraíonn Ollainnis, agus bíonn ar Chomhphobal Fhlóndras scoileanna Fraincise a mhaoiniú ina bhardais a bhfuil cumais teanga acu.

Institiúidí Pléimeannacha sa BhruiséilCuir in Eagar

Cé gur féidir freagrachtaí Réigiún Fhlóndras a tharmligean chuid an leibhéal cúigeach, níl ann don fhéidearthacht sin i Réigiún na Bruiséile, ar réigiún é a fheidhmíonn an-chuid inniúlachtaí as cúraimí críochacha a thugtar i gcásanna eile do na cúigí. Sa Bhruiséil, feidhmíonn an dá chomhphobal institiúideacha lena mbaineann na hinniúlachtaí comhphobail (oideachas, cultúr agus leas sóisialta). Mar sin, bhunaigh an Comhphobal Pléimeannach comhairle agus feidhmeannas atá tofa go háitiúil (Coimisiún an Chomhphobail Phléimeannaigh nó "VGC") chun freastal ar chinnteoireacht ar an leibhéal idirmheánach agus seirbhísí poiblí. Ansin, d'aithin VGC institiúidí áitiúla bardasacha chun tabhairt faoin tseirbhís phoiblí atá go hiomlán áitiúil sna limistéir chomhphobail sin (ar a thugtar gemeenschapscentra nó lárionaid chomhphobail).

Na meáinCuir in Eagar

Tá comhlacht oifigiúil craoltóireachta raidió agus teilifíse, Vlaamse Radio en TelevisieomroepVRT in Ollainnis, ag Flóndras. Ó 1989, bunaíodh roinnt comhlachtaí príobháideacha le haghaidh craoltóireacht raidió agus teilifíse ar fud an réigiúin. Comhlachtaí "réigiúnacha" craoltóireachta a thugtar orthu agus tá a raon teorannaithe do chodanna beaga de Réigiún Fhlóndras. Is iad na nuachtáin laethúla "de cháilíocht" (amhail De Tijd, De Morgen agus De Standaard), roinnt nuachtán "a bhfuil tóir orthu" (amhail Het Laatste Nieuws agus Het Nieuwsblad) agus líon mór irisí ginearálta agus speisialaithe atá i réim ar an bpreas scríofa.