An Vallúin
| |||||
![]() | |||||
Teanga | Fraincis, Gearmáinis (freisin Ollainnis i mBardais le háiseanna teanga | ||||
Príomhchathair | Namur | ||||
Comhordanáidí na príomhchathrach |
50° 28' Thuaidh, 04° 52' Thoir | ||||
An chathair is mó | Charleroi | ||||
Achar - Iomlán |
16844 km² | ||||
Daonra - Iomlán (2015) - Dlús |
3,585,214 210/km² | ||||
Airgead | Euro (€) | ||||
Amchrios | UTC |
Is í an Vallúin (Fraincis: Wallonie, Gearmáinis: Wallonien, Ollainnis: Wallonië, Vallúinis: Waloneye) an réigiún i ndeisceart na Beilge. Fraincis is mó a labhraítear sa Vallúin ar na saolta seo, ach ina dhiaidh sin féin chloisfeá seanchanúint an réigiúin, an Vallúinis, in áiteanna i gcónaí. Ceann de na langues d'oïl í an Vallúinis, is é sin, teanga a bhfuil gaol réasúnta dlúth aici leis an bhFraincis. Labhraítear Gearmáinis in oirthear na Vallúine, agus tá rialtas áirithe dúchais ag lucht na Gearmáinise i gcúrsaí cultúrtha: go bunúsach, soláthraíonn Pobal Gearmáinise na Beilge, nó an Deutschsprachige Gemeinschaft, an scolaíocht agus rudaí bainteacha do na cainteoirí Gearmáinise, díreach mar a sholáthraíonn Pobal Fraincise na Beilge na seirbhísí céanna do lucht labhartha na Fraincise. Tabhair faoi deara gur forais ar leith iad na "pobail" fhéinrialaitheacha seo nach ionann iad agus an Vallúin mar réigiún.
Bhí cónaí ar thuairim is trí mhilliún go leith de dhaoine sa Vallúin i dtús na bliana 2015. Is é Namur príomhchathair an réigiúin, ach is é Charleroi an chathair is mó daonra.
TagairtíCuir in Eagar
Tá a thuilleadh meán ag Cómhaoin Wikimedia
a bhaineann leis an ábhar seo: Wallonia |
|
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |