Matamaiticeoir Gréagach ab ea Eoiclídéas (beo i 300 RC). Bhí sé gníomhach i gCathair Alastair le linn réimeas an Fharó Tolamaes Slánaitheoir (323-283 R.Ch.) Tá a Stoicheia (Gaeilge:Uraiceachtaí) ar cheann de na saothair is mó tionchair i stair na matamaitice, agus é ina phríomhthéacsleabhar do mhúineadh na matamaitice (go háirithe geoiméadracht) ó am a fhoilsithe go dtí deireadh an 19ú haois nó tús an 20ú haois. Sna Stoicheia, d'oibrigh Eoiclídéas amach teoirimí an rud ar a dtugtar anois geoiméadracht Eoiclídéach as tacar beag aicsímí. Scríobh Euclid saothair freisin ar pheirspictíocht, ar chónghearrthacha, ar gheoiméadrach sféarúil, ar uimhirtheoiric, agus ar chríochnúlacht mhatamaiticiúil.

Eoiclídéas
Euklid2.jpg
Saol
Eolas breitheluach anaithnid, 323 BC
NáisiúntachtAn Aithin Chlasaiceach
Áit chónaitheCathair Alastair
BásCathair Alastair, 285 BC
Oideachas
TeangachaAn tSean-Ghréigis
Mic léinnDiocleides na hAithne
Gairm
Gairmmatamaiticeoir agus scríbhneoir
Saothar iomráiteachCéadnithe an Chruinne-Thómhais
synthetic geometry (en) Aistrigh
Discogs ID2561363
Euclides, 1703

ÉitimeolaíochtCuir in Eagar

Tá an leagan gaelaithe Eoiclídéas bunaithe ar a ainm Gréigise Εὐκλείδης (Eukleídēs), a chiallaíonn "clúiteach, glórmhar".[1]

BeathaisnéisCuir in Eagar

Maireann fíorbheagán tagairtí bunaidh d’Eoiclídéas go dtí an lá atá inniu ann, agus mar sin beag atá ar eolas againn anois faoina shaol. Is dócha gur rugadh é thart ar 325 R.Ch., cé nach fios áit agus imthosca a bhreithe agus a bháis agus ní féidir é a mheas ach i gcoibhneas le daoine eile a luaitear leis. Luann matamaiticeoirí Gréagacha eile ó Airciméidéas (c. 287 RC – c.  212 R.Ch) ar aghaidh é, cé gur annamh a luaitear é, agus de ghnáth tugtar "ὁ στοιχειώτης" ("údar na Stoicheia")[2] air. Ba é Próclos a scríobh an cúpla tagairtí stairiúla d’Eoiclídéas c. 450 AD, ocht gcéad i ndiaidh a mhair Eoiclídéas.[3]


TagairtíCuir in Eagar

  1. Harper, Douglas. "Euclidean (adj.)". Online Etymology Dictionary.[1] .
  2. Heath (1981), p. 357
  3. Joyce, David. Euclid. Clark University Department of Mathematics and Computer Science. [2]