Figiúir a ghearrann plána trí dhronchón ciorclach dúbailte. Má théann an plána trí stuaic V an chóin, is féidir go ngearrfaidh sé an cón ag pointe amháin V. Nó trí dhá líne dhíreacha trí V arb iad gineadóirí an chóin iad. Má bhíonn an plána ag dronuillinn le hais an chóin, gan é ag dul trí V, gearrann sé an cón i gciorcal. Má bhíonn sé gearrtha comhthreomhar le gineadóir an chóin, gearrtar parabóil. Má ghearrann an plána an cón ag uillinn ar bith eile, gearrann sé éilips nó hipearbóil.[1]
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir.
Is síol a bhaineann leis an matamaitic é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh.