Matamaiticeoir agus fisicí agus innealtóir agus airegóir agus réalteolaí Gréagach ab ea Airciméidéas Shioracús (Gréigis: Ἀρχιμήδης, traslitriú: Arkhimḗdēs) (t. 287 RC – t. 212 RC). Cé nach bhfuil sonraí a shaoil an-shoiléir, meastar go bhfuil sé ar dhuine de na h-eolaithe is mó sa tseaniarsma clasaiceach riamh. I measc na forbairtí a rinne sé i bhfisic ná bunú an hidreastatachas agus prionsabal an luamháin a mhíniú.

Airciméidéas
Saol
Eolas breitheSioracús ársa, 287 BC, thart ar 287 BC, 286 BC, thart ar 285 BC
NáisiúntachtSioracús ársa
Áit chónaitheSioracús, an tSicil
BásSioracús ársa, thart ar 212 BC, 212 BC, 211 BC, 210í BC
Cúis bháisdúnmharú
Muintir
AthairFidias
Oideachas
TeangachaAn tSean-Ghréigis
Gairm
Gairmmatamaiticeoir, fisiceoir, réalteolaí, cumadóir, innealtóir comhraic, fealsamh agus innealtóir
Saothar iomráiteachArchimedes' principle (en) Aistrigh

An scéilín is cáiliúla a insítear faoi Airciméidéas ná an lá a chum sé modh nua chun rud le cruth neamhrialta a thomais. Léim sé amach as an bhfolcadh ina raibh sé suite, agus rith sé amach lomnocht ar an sráid ag scairteadh "Iúiríce!" (Gréigis: "εύρηκα!"), "Tá sé faighte agam!").