Brainse den mhatamaitic a dhéanann staidéar ar thréithe cruthanna is spáis, agus an Domhain ar dtús is ea geoiméadracht.

Teoirim Desargues

Timpeall 2000 RC bhí eolas ag na Bablónaigh ar na rialacha chun fairsingí dronuilleog, triantán dronuillinne is triantán comhchosach a ríomh. Ghlac siad leis gurbh ionann imlíne (C) ciorcail de thrastomhas d le 3⅛ d, agus a fhairsinge le ⅓ (½ C)2. Roinn siad imlíne an chiorcail i 360 cuid chomhionann, agus shaothraigh siad cuid mhaith eolais gheoiméadraigh. Bhí an t-eolas seo ag na hÉigiptigh freisin, ach ba iad na Gréagaigh a bhunaigh an gheoiméadracht loighciúil timpeall 300 RC.

Bhailigh Eoiclídéas na buntorthaí ina imleabhair den Uraiceacht, ag leagan amach na dteoirimí is na gcruthuithe orthu in ord loighciúil, ag tosú le bunaicsímí nó buntairiscintí trí chéimeanna a lean a chéile, ag forbairt na gcruthuithe a sheasann fós tar éis 2,000 bliain. Ón 18ú céad anuas forbraíodh geoiméadrachtaí teibí, agus luaitear saothar Gauß is Lobachevsky leis seo.[1]

Tagairtí cuir in eagar

  1. Hussey, Matt (2011). "Geoiméadracht". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 313.