Séard is líonra ríomhairí ann ná bailiúchán de ríomhairí atá ceangailte i mbealach a ligeann dóibh sonraí agus acmhainní a roinnt.

Cárta cuibheora líonra

Catagóirí Líonraí cuir in eagar

Tá dhá phríomhchineál líonra ríomhairí ann:

Na Comhpháirteanna cuir in eagar

Bíonn na comhpháirteanna seo a leanas ar líonra ríomhairí ar bith:

  • Na ríomhairí féin (nó na hóstaigh)
  • An cainéal cumarsáide

Óstaigh cuir in eagar

Úsáidtear an téarma óstach (nó amanna nód) go minic le haghaidh ríomhaire atá ceangailte le líonra. Bíonn crua-earraí cumarsáide ag teastáil leis an óstach a cheangal leis an líonra (m.sh. cárta líonra agus cábla líonra). Bíonn crua-earraí eile in úsáid leis an líonra ar fad a cheangal le chéile (m.sh., moil, lasca, ródairí, srl.). Bíonn bogearraí cumarsáide ag teastáil ar an óstach freisin. Is minic a bhíonn siad seo mar chuid den chóras oibriúcháin. Bíonn seoladh uathúil ag gach óstach ionas gur féidir iad a aithint óna chéile ar an líonra.

An cainéal cumarsáide cuir in eagar

Bíonn an cainéal cumarsáide bunaithe ar mheán fisiceach éigin. Déantar na sonraí a aistriú ina ngiotáin ar an gcainéal seo. Tá trí phríomhchineál meáin ann: