Líonra achair fhairsing

(Athsheolta ó WAN)

Séard is líonra achair fhairsing (wide area network (WAN) i mBéarla) ann ná líonra ríomhaireachta a shíneann thar achar mór, ar nós cathair, tír nó an domhan. Úsáidtear líonraí fairsinge le líonraí logánta a nascadh le chéile ionas gur féidir le daoine agus ríomhairí ag suíomh amháin teagmháil a dhéanamh le daoine agus ríomhairí ag suíomh eile. Is é an t-Idirlíon an líonra fairsing is mó ar domhan agus tá sé poiblí. Is minic a chruthaítear líonraí fairsinge d'eagraíocht amháin agus coinnítear príobháideach iad.

Infotaula equipament informàticLíonra achair fhairsing

Cuir in eagar ar Wikidata

Ceangal cuir in eagar

Ceanglaítear líonraí fairsinge go minic ag úsáid línte léasaithe. Bíonn ródaire ar an dá thaobh den líne léasaithe a cheanglaíonn taobh amháin den líne leis an LAN agus an taobh eile leis an WAN. Is féidir le línte léasaithe a bheith an-daor. In ionad línte léasaithe, is féidir WAN a cheangal trí mhodhanna lasctha paicéid nó trí mhodhanna ciorcadlasctha.

Prótacail cuir in eagar

Is iad seo a leanas roinnt de na prótacail is tábhachtaí a bhíonn i bhfeidhm thar WAN:

Tagairtí cuir in eagar