Meicnic Newton
Teoiric na meicnice, bunaithe ar na gaolta idir fórsaí is gluaisní maidir le réada sa ghnáthshaol, is é sin réada i bhfad níos mó ná adaimh atá ag gluaiseacht ar luas i bhfad níos lú ná luas forleata an tsolais. Curtha i bhfoirmlí is i bhfocail ag Isaac Newton, go bunúsach ina 3 dhlí gluaisne. Glactar le ham mar dhearbhchainníocht bhuan, comhionann do gach breathnóir, idirdhealaithe ón spás, agus mais is fuinneamh idirdhealaithe uaidh freisin.[1]
Tagairtí
cuir in eagar- ↑ Hussey, Matt (2011). "Meicnic Newton". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 484.
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |