Fuigeanna (páirtí polaitíochta)

páirtí polaitíochta sa Bhreatain

Ba fhaicsean polaitiúil iad na Fuigeanna agus ina dhiaidh sin ba pháirtí polaitíochta i bParlaimintí Shasana, na hAlban, na Breataine Móire, na hÉireann agus na Ríochta Aontaithe iad. Idir na 1680idí agus na 1850idí, chuaigh na Fuigeanna san iomaíocht le haghaidh cumhachta lena n-iomaitheoirí, na Tóraithe. Chomhcheangail na Fuigeanna leis an Pháirtí Liobrálach nua sna 1850idí, cé gur fhág roinnt Fuigeanna uaisle an Páirtí Liobrálach i 1885 chun an Pháirtí Aontachtach Liobrálach a bhunú, a chónascadh le hiomaitheoirí na Liobrálaithe, an Páirtí Coimeádach nua-aimseartha sa bhliain 1912.

Bosca Sonraí EagraíochtaFuigeanna
(en) Whigs Cuir in eagar ar Wikidata
Sonraí
Cineálpáirtí polaitíochta
iarpháirtí liobrálach Cuir in eagar ar Wikidata
Idé-eolaíocht pholaitíochtaWhiggism (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Foirm dlí
Dáta a bunaíodh1678
Bunaitheoir(í)Anthony Ashley Cooper, 1ú Iarla Shaftesbury Cuir in eagar ar Wikidata
Dáta díscaoilte, díothaithe nó scartáilte1859 Cuir in eagar ar Wikidata
Rialachas corparáideach
UachtaránachtRobert Walpole
Charles Grey, 2ú Iarla Grey
William Lamb
John Russell
Charles James Fox
William Pitt
George Grenville
Henry John Temple Cuir in eagar ar Wikidata
Eile
Dath     Cuir in eagar ar Wikidata

Bhí bunús na bhFuigeanna leagtha amach san mhonarcacht bunreachtúil agus i naimhdeas i gcoinne na monarcachta absalóidí, agus i dtacsíocht a thabhairt don chóras parlaiminteach. Bhí ról lárnach ag na Fuigeanna san Réabhlóid Ghlórmhar de 1688, agus ba naimhde seasta iad do ríthe agus na Seacaibítigh, ar Caitlicigh Rómhánacha iad. Ghlac na Fuigeanna smacht iomlán ar an rialtas i 1715 agus d’fhan siad i gceannas go hiomlán go dtí gur ghlac an Rí Seoirse III an cathaoir ríoga i 1760, a lig do na Tóraithe teacht ar ais. Cumasaíodh ardcheannas na bhFuigeanna (1715–1760) leis an chomharbas Hanófarach de Sheoirse I na Breataine Móire i 1714 agus éirí amach na Seacaibíteach teipthe 1715 ag reibiliúnaithe Thoraí. Fuair na Fuigeanna réidh le na Tóraithe go críochnúil ó gach post tábhachtach sa rialtas, san arm, san Eaglais, i ngairm an dlí agus in oifigí áitiúla. Bhí greim an pháirtí ar chumhacht chomh láidir agus chomh marthanach go nglaonn staraithe an tréimhse ó thart ar 1714 go 1783 mar aois olagarcacht na bhFuigeanna.[1] Ba é Robert Walpole an chéad cheannaire mór le rá ar na bhFuigeanna, a choinnigh smacht ar an rialtas (1721–1742) agus a raibh a protégé Henry Pelham i gceannas air (1743–1754).

Naisc sheachtracha cuir in eagar

Leabharliosta cuir in eagar

Staireolaíocht cuir in eagar

  • Hill, Brain W. "II. Executive Monarchy and the Challenge of Parties, 1689–1832: Two Concepts of Government and Two Historiographical Interpretations." The Historical Journal (1970) 13#3 pp: 379–401. abstract.
  • Loades, David ed. Readers Guide to British History (2003) 2:1353–56.
  • Thomas, Peter D. G. "Party Politics in Eighteenth‐Century Britain: Some Myths and a Touch of Reality." Journal for Eighteenth‐Century Studies (1987) 10#2 pp. 201–210.

Tagairtí cuir in eagar

  1. Holmes, Geoffrey; and Szechi, D. (2014). The Age of Oligarchy: Pre-Industrial Britain 1722–1783. Routledge. p. xi. ISBN 131789426X. ISBN 978-1317894261.