San fhisic, is éard is fórsa ann ná aon ní a athraíonn luas, treo, nó cruth réada. I bhfocail eile, is é is fórsa ann ná ní a chuireann ar réad de mhais M a treoluas a athrú (lena n-áirítear rud a thosú ar ghluaiseacht ó fhos), i.e., a luas á ghéarú, nó réad solúbtha a dhífhoirmiú. Bíonn idir méadaíocht agus treo aige, rud a chiallaíonn gur chainníocht veicteoireach é. Cuireadh Dara Dlí Newton, F = ma, le chéile ar dtús i dtéarmaí a bhí beagán éagsúil ach comhionann, áfach: deir an leagan bunaidh go bhfuil an fórsa glan ag gníomhú ar réad i gcomhréir dhíreach leis a chuid athruithe móimintim.

Bosca Sonraí Méid FisiciúilFórsa
SiombailF Cuir in eagar ar Wikidata
Foirmle
Cuir in eagar ar Wikidata


Déantar cur síos ar fhórsaí freisin mar bhrú nó tharraingt ar réad. Is féidir leo a bheith mar gheall ar fheiniméin amhail imtharraingt, maighnéadas, nó aon rud a d'fhéadfadh luasghéarú a chur faoi réad.