Úsáidtear an téarma maighnéadas chun chur síos ar an tslí a freagraíonn ábhair, ag an leibhéal micreascópach, do réimse maighnéadach. Téann réimse maighnéadach i bhfeidhm ar chuid mhaith ábhair. Uaireanta aomann an réimse maighnéadach agus uaireanta éarann sé ábhair. Ní bhíonn mórán tionchar ag réimse maighnéadach ar substaintí mar copar, alúmanam, gás, agus plaisteach.