Johannes Kepler
Réalteolaí is matamaiticeoir, a rugadh i Weil-der-Stadt na Gearrnáine, ab ea Johannes Kepler (27 Nollaig, 1571 – 15 Samhain 1630). Tá clú agus cáil air de bharr cur síos a dhéanamh ar dhlíthe faoi ghluaiseacht na bplainéad. Ceannródaí a bhí in Kepler ar bhealaí eile fosta:[1] eisean a d'aithin roimh aon duine nach ciorcail fhoirfe iad fithisí na bpláinéad. D'fhoilsigh sé téacsleabhar réalteolaíochta faoin teideal Epitome astronomiae Copernicanae (”Gearrinsint ar réalteolaíocht Copernicus”) timpeall na bliana 1620.
Chabhraigh dlíthe Kepler le teoiric Imtharraingt uilíochas Isaac Newton a thabhairt chun cinn.
SaolCuir in Eagar
I rith a shaoil, mhúin sé Mata ag scoil i Graz (níos déanaí Colaiste Graz, An Ostair).
D'oibrigh sé mar chúntóir do Tycho Brahe (ag deireadh a shaoil bhí Brahe mar mhúinteoir is pátrún ag Kepler).
D'oibrigh sé chomh maith mar mhatamaiticeoir na cúirte don Impire, Rudolf II, mar mhúinteoir mata i Linz, an Ostair, agus mar chomhairleoir don Ghinearál Wallenstein.
Anuas air sin d'oibrigh sé san réimse optaic agus chruthaigh sé go raibh an ceart ag Galileo Galilei.
EolaíCuir in Eagar
B'shin é an chéad duine a d'aithin struchtúr an ghrianchórais agus a chuir síos na dlithe a rialaíonn gluaisne na bpláinéad[2], mar achoimriú ar obair Tycho Brahe.
Chomh maith le Galileo, mhol Kepler teoiric Copernicus go bhfuil an ghrian i lár an ghrianchórais, bíodh is nár chomhfhreagair na fithisí réamhinste do na fíorfhithisí.
D'fhionn sé gur ar chruth éilipse atá fithis gach pláinéid, agus ní ar chruth ciorcail mar a cheap Copernicus.
UirlisíCuir in Eagar
D'fhorbair Kepler teileascóp simplí, teileascóp athraonta.[3][4] Nuair a d’fhéach sé trína theileascóp, chonaic sé rudaí bun os cionn. Ní fadhb mhór í seo ag féachaint ar réalta, mar go hiondúil bíonn an chuma chéanna ar réalta má tá sí bun os cionn nó má tá sí mar ba chóir di a bheith. Ach bíonn cuma an-difriúil ar rudaí níos cóngaraí, ar an ngealach mar shampla.
TioncharCuir in Eagar
Ón obair Kepler a d'fhorbair Newton teoiric na hImtharraingthe ó réamhobair Bhrahe agus Kepler. Mar a dúirt Newton féin, "Más rud é go bhfaca mé níos faide, rinne as é trí sheasarnh ar ghuaillí fathach." Lean coincheapanna Newton mar chroílár na heolaíochta ar feadh 300 bliain.
Féach freisinCuir in Eagar
Naisc sheachtrachaCuir in Eagar
- Dan O'Regan. Fisic don Ré Nua. ISBN: 978-1-85791-749-9[5]
- Kepler do Mhuinteoirí (JCT)[6]
- Ciclipéid na hOllchruinne: Cóiméad - D
- University of Tennessee's Dept. Physics & Astronomy: Astronomy 161 page on Johannes Kepler: The Laws of Planetary Motion
TagairtíCuir in Eagar
- ↑ "Blag Nua Gaeilge: Ciclipéid na hOllchruinne: Cóiméad - D". Blag Nua Gaeilge (2019-06-13). Dáta rochtana: 2020-11-15.
- ↑ Hussey, Matt (2011). "Fréamh an Eolais" Coiscéim.
- ↑ cogg.ie (Samhain 2013). "Eureka Iml 10 Eagrán 8". Dáta rochtana: 2020.
- ↑ "Refracting telescope" (in en) (2020-11-13). Wikipedia.
- ↑ Dan O'Regan. ISBN: 978-1-85791-749-9 (2011). "Fisic don Ré Nua". Dáta rochtana: 2020.
- ↑ jct.ie. "Kepler do Mhuinteoirí". Dáta rochtana: 2020.
|
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |