Sa mhatamaitic, lócas pointe a ghluaiseann ionas go bhfanann suim an dá fhad ó dhá phointe fhosaithe (na fócais) tairiseach. Is féidir é a shainmhíniú freisin mar thrasghearradh cóin dhúbailte, nó lócas pointe a ghluaiseann ionas go bhfuil a fhad ón bhfócas i gcomhréir lena fhad ó líne fhosaithe (an treoirlíne), agus an tairiseach comhréire níos lú ná 1. Is í seo cothromóíd éilips i gcomhordanáidí Cairtéiseacha: x2/a2 + y2/b2 = 1. Is í cothromóid pholach éilips, agus an fócas mar phol is an phríomhais mar threoirlíne, ná r = 1/(1 + e cos θ). Gluaiseann na pláinéid timpeall na Gréine in éilipsí, agus is iomaí úsáid a bhaintear as an gcruth san ealaín is an ailtireacht.