Slí an Atlantaigh Fhiáin
Bealach turasóireachta feadh chósta thiar na hÉireann is ea Slí an Atlantaigh Fhiáin (Béarla: Wild Atlantic Way). D'fhógair ar oscailt í i mí Fheabhra na bliana 2014. Bealach tiomána carr í a théann ó Leithinis Inis Eoghain i gContae Dhún na nGall ó dheas go Cionn tSáile i gChontae Chorcaí.[1] Ag an cheann thuaidh ceanglaíonn sé le Causeway Coast, bealach turasóireachta ar feadh chósta Thuaisceart Éireann. Cuirtear áiteanna agus foirgnimh shuimiúla feadh an rúta in iúl don taistealaí. Rinneadh Slí an Atlantaigh Fhiáin ag nascadh boithre áitiúila a chloíonn chomh daingean le bearnaíl an chósta go bhfuil an rúta timpeall is 2,500 km (1,500 míle slí) ar fad, an rúta turasóireachta is faide ar domhan den chineál seo.[2]
Is iad seo a leanas cuid de na príomháiteanna suimiúla ar an mbealach seo:
- An tIarthuaisceart
- Cionn Mhálanna, an áit is faide ó thuaidh in Éirinn
- Bun Dobhráin
- An Mullach Mór
- An Tulachán, Contae Liatroma
- An tIarthar
- An tIarthar láir
- An Bhoireann
- Aillte an Mhothair agus Cosán Aille Dhúlainn
- Ceann Léime
- Inbhear na Sionainne agus deilfeanna na Sionainne
- An Iardheisceart
- Ballaigh An Bhlascaod Mhóir
- An Seancheann i gCionn tSáile
Clár TG4Cuir in Eagar
Tá sraith chlár teilifíse faoi thuras na slí (Féilte - Slí an Atlantaigh) á déanamh ag TG4, léirithe ag Síle Ní Bhraonáin.[3]
Nascanna seachtrachaCuir in Eagar
- Wild Atlantic Way Slí an Atlantaigh Fhiáin ag suíomh Turasóireacht Éireann
- Wild Atlantic Way Suíomh neamhoifigiúil leis an rúta ina iomlán
- Féilte - Slí an Atlantaigh ag TG4
TagairtíCuir in Eagar
- ↑ [1] "Ireland's Wild Atlantic Way: Heading West On Adventure", alt ag an Huffington Post, arna rochtain ar 8 Iúil 2014
- ↑ [2] "Ireland's Wild Atlantic Way Aims to Rival California's Pacific Coast Highway", alt sa Belfast Telegraph, arna rochtain ar 8 Iúil 2014
- ↑ http://www.tg4.ie/ie/programmes/feilte/home.html Féilte - Slí an Atlantaigh, TG4, 2014
|
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |