An tOileán Mór (Béarra)

(Athsheolta ó An tOileán Mór)

Is oileán Éireannach é an tOileán Mór.

Bosca Geografaíocht PholaitiúilAn tOileán Mór

Cuir in eagar ar Wikidata

Suíomh
Map
 51°38′N 9°53′W / 51.63°N 9.88°W / 51.63; -9.88
Tíreolaíocht
Achar dromchla17.68 km² Cuir in eagar ar Wikidata
Suite i nó in aice le limistéar uisceBá Bheanntraí Cuir in eagar ar Wikidata
Airde270 m Cuir in eagar ar Wikidata

Ainmneacha don oileán cuir in eagar

  1. Inis Greagraidhe - O Curry, Battle of Magh Léana
  2. Inis Grecraige - O Rahilly, Early Irish History and Mythology l. 90
  3. 1302 Inysgraggy - Cal. of papal documents of Ireland 1302-1307 Vol. 5 l. 294
  4. 1558 Insula Magna, Great Island, Inisgragy – Úsáidtear na trí ainmneacha so i ‘On a pen and sketch of the district around Bantry Bay’ (Photostat National Library 16L5)
  5. 1586-88 Great Iland - ‘A plotte of Berehaven+ the parte adjoyning’ PRO (London), MPF308
  6. 1601 Great Island - Fiants of Elizabeth
  7. 1602 Great Island - T. Stafford, Pacata Hibernia, London 1633
  8. 1642 Insula Magna - An inquisition’ J.R.S.A.I. Vol. 51 l. 12
  9. 1655 Beare Haven Island - William Petty ‘Down Survey’
  10. 1599 Greate Ise - Map of Ireland by Bapista Bazio pub. London. J. Sudbury
  11. 1821 Bere Island - Daonáireamh
  12. 1824 Bere Island - Tuarisc ins an National Army Museum, London
  13. 1841 Bear Island - Daonáireamh na bliana 1841 agus gach ceann ó shin
  14. 1842 Bear Island - An chéid léarscáil ag an suirbhéireacht Ordnáis
  15. 1852 Isle of Bere - Órdú díolta an Incumbered Estates Commission
  16. 1928 Oileán Bhéara – Ainm an cumann peile a chláiríodh leis an Béara Board, C.L.G.
  17. 1921 Oileán Béarra – Ainm Oifig an Phoist ó 1921 go dtí 1965
  18. 1930adí Oileán Mór Bhéarra – Seanachas bailithe in nGaelinn i mBéarra, dánta, scéalta – le fail I leabhair M. Verling. Seanachas a bhaillig Tadhg Ó Murchú.
  19. 1937 Beare Island - Coimisiún Bealoideasa Éireann. Sé so an t-ainm a úsáidtear i mBéarla.
  20. 1965 An t-Oileán Mór – Ainm Oifig an Phoist. D’athraigh an Roinn Poist agus Teligreafa ainm na hoifige gan coinne agus i ngan fhios do na hoileánaigh.
  21. 1980 ‘An t-Oileán Mór’ – Ainm na bunscoile nua[1]

Bealoides agus Litríocht Ó Bhéarra cuir in eagar

S’iad na leabhair, a chuir Máirtín Verling i gcló, is mó go bhfuil foinsí le fáil faoi ainm an oileáin i nGaelinn. Táid so bunaithe ar an mbéaloideas i nGaelinn a bhailíodh i mBéarra faoi chúram an Comisiún Bealoideasa Éireann. Chífear os na dánta agus na scéalta seo go bhfuil leaganacha éagsúla den ainm in úsáid ach is fuirist a aithint gur “Oileán Mór Bhéarra” ainm an oileáin ó cheart. Toisc an ainm ceart a bheith chomh fada san bhí ciorracháin a ndéanamh go minic. S’iad “Oileán Bhéarra” (le Béarra sa tuiseal ginideach) “Oileán Béarra” agus “An t-Oileán Mór” na foirmeacha ciorraithe seo. Sé an dán ‘Ráiseanna Bhaile Chaisleáin’ is fearr a léiríonn an tslí ina n-úsáidtí na foirmeacha difriúla den ainm.

Foinsí cuir in eagar

  • O Brien, Daniel M. (1991) Beara, A Journey Through History. Beara Historical Society. Castletownbere
  • Hawke, S. (2004) A Social and Economic History of Bere Island. Shell. Castletownbere.
  • Mac Cárthaigh, M. Placenames of the Parish of Killaconenagh. Dinnseanchas 6, Nollaig 1977, 124-48
  • Ó hAnnrachain, P. (1942 ) Mar a chonacsa Éire. Dublin
  • Ó hAnnracháin, P. (1944) Fé Bhrat an Chonnartha Dublin
  • Ó hAnnrachain, P. (1933) Machnamh Cime. Dublin
  • O Sullivan, Ted (1994) Bere Island, A Short History, Inisgraggy Books, Cork
  • Ua Duinnín, P. (1904) An Irish-English Dictionary. Dublin.
  • Verling, M. agus P. Ó Murchú (1996) Gortbroc. Coiscéim.
  • Verling, M (2010) Mioscais na gCumar. An Sagart. An Daingean

Tagairtí cuir in eagar

  1. [foinse ‘Placenames of the parish of Killaconenagh’ -Mícheál Mac Cárthaigh Dinnseanchas Iml. 6 Uimh. 2, agus foinsí atá lúite thuas]