An Bhoirinn
Ceantar in iarthuaisceart Chontae an Chláir í an Bhoirinn[1] (litriú malartach an Bhoireann). Tá sí 300 ciliméadar cearnaithe ar leithead. Tá cáil ar an dúiche mar gur d'aolchloch maol atá sí déanta don chuid is mó. Tá sé seo i bhfoirm carst, agus é gaolta leis na leaca aolchloiche in Oileáin Árann amach ó chósta na Boirne. Ciallaíonn an focal boireann tírdhreach clochach, carstach. Tá saibhreas dúlra sa Bhoirinn, agus plandaí na Meánmhara, Na nAlp agus an Artaigh ann nach bhfaightear in aon cheantar eile in Éirinn.
Cineál | Réigiún nádúrtha agus limistéar faoi chosaint | |||
---|---|---|---|---|
Logainm.ie | 1165549 | |||
Suíomh | ||||
Stát ceannasach | Éire | |||
Cúige Éireannach | Cúige Mumhan | |||
Contae in Éirinn | Contae an Chláir | |||
| ||||
Tréithe | ||||
Suíomh Oidhreachta Domhanda sealadach | ||||
Am | 4 Lúnasa 2010 | |||
Aitheantóir | 5522 | |||
Tá pluaiseanna an Aill Bhuí sa cheantar, agus tagann na mílte chuile bhliain ar cuairt orthu.
Clinteanna agus Gríoga Cuir in Eagar
Tugtar gríoga ar na scáintí (nó creabháis) sa phábháil aolchloiche a chruthaítear idir bloic aolchloiche ar a dtugtar clinteanna. Sampla amháin iad gríoga den iomad gnéithe carst nó boirne a chruthaítear nuair a thuaslagann uisce báistí an aolchloch.
Tagairtí Cuir in Eagar
- ↑ “Boirinn/Burren | logainm.ie” (ga). Bunachar Logainmneacha na hÉireann (Logainm.ie). An Coimisiún Logainmneacha. Dáta rochtana: 2023-07-31.
Naisc sheachtracha Cuir in Eagar
- An Bhoireann - leathanach ag Leabharlann Chontae an Chláir