Dumha Locha

baile fearainn i gContae Mhaigh Eo

Baile fearainn ar chósta Iorrais, Contae Mhaigh Eo é Dumha Locha.[1] Tá sé 2493 acra (10.09 km2) ina achar, soir ó dheas ó Bhéal an Mhuirthead agus lonnaithe i nGaeltacht Mhaigh Eo.[2]

Bosca Geografaíocht PholaitiúilDumha Locha

Suíomh
Map
 54° 08′ 06″ N, 9° 54′ 49″ O / 54.135071°N,9.913514°W / 54.135071; -9.913514
Stát ceannasachÉire
Cúige ÉireannachCúige Chonnacht
Contae in ÉirinnContae Mhaigh Eo Cuir in eagar ar Wikidata
Aitheantóir tuairisciúil
Logainm.ie35444

Tá daonra measartha maith sa bhaile fearainn le blianta fada, d'ainneoin a shuímh iargúlta. Sa bhliain 1841, díreach roimh an nGorta Mór, taifeadadh beagnach 600 duine a bhí ina gcónaí sa mbaile fearainn. Faoin mbliain 1911, ní raibh ach 311 áitritheoir ann. 

Críochnaíodh an chéad bhóthar idir Iorras agus Béal an Átha agus Caisleán an Bharraigh sa bhliain 1824. Le linn an Ghorta Mhóir, tógadh an chéad bhóthar mór go Dumha Locha mar thionscadal fóirithinte. Lig an bóthar nua do mhuintir Dhumha Locha teacht ar Bhéal an Mhuirthead, baile a bhí ag fás ag an am, timpeall seacht míle ar shiúl. Tógadh bóthar go dtí Stáisiún an Gharda Cósta i nDumha Locha. Le linn an Ghorta, díshealbhaíodh mórán daoine sa gceantar, agus dúradh gur tiarnaí talún cruálacha iad muintir Bingham a bhí ina gcónaí i nDumha Locha.[3] Ag deireadh na naoú haoise déag, nuair a bhí Conradh na Talún i mbarr a réime, deirtear go raibh muintir na háite an-ghníomhach ar fad mar gheall ar an drochíde a d'fhulaing siad le linn an Ghorta Mhóir. 

Sa bhliain 1899, d'iarr Bord na gCeantar Cúng ar na tiarnaí talún a gcuid eastát a dhíol. Bhí Arthur Shaen Bingham sásta cuid dá thalamh a dhíol ar an gcoinníoll go n-íocfaí praghas maith air. Faoi dheireadh thiar thall, rinneadh margadh leis, agus roinn Bord na gCeantar Cúng agus Coimisiún na Talún an talamh ar na tionóntaí. 

  1. Dumha Locha/Doolough | logainm.ie” (ga). Bunachar Logainmneacha na hÉireann (Logainm.ie). An Coimisiún Logainmneacha. Dáta rochtana: 2023-06-22.
  2. Dumha Locha/Doolough”. Placenames Database of Ireland. Government of Ireland - Department of Arts, Heritage and the Gaeltacht. Dáta rochtana: 17 February 2017.
  3. CSOPR reports No. 31404 Mayo 1882