Tubaiste núicléach Fukushima
Tharla Tubaiste núicléach Fukushima, an tubaiste núicléach is measa riamh ar domhan (ó thaobh na sceite radaíochta) do na himoibreoirí Daiichi i Fukushima, in oirthuaisceart oileán Honshu na Seapáine ar an 12 Márta 2011. Is príomhchathair Mhaoracht Fukushima, sa tSeapáin, é Fukushima.
Tōhoku
cuir in eagarTharla an crith talún is mó riamh sa ,tSeapáin, 9.0–9.1 (Mw), ar an 11 Márta i Tōhoku (東北地方太平洋沖地震, Tōhoku-chihō Taiheiyō Oki Jishin). Bhí sé faoi ghrinneall an aigéin timpeall 25km amach ón gcósta. Ní hamháin sin, ach bháigh an súnámaí limistéar leathan tíre, cathracha, bailte agus feirmeacha. Cailleadh níos mó ná 17,000 duine sna tuilte,[1] b'fhéidir 22,000 san iomlán agus bhí ar 400,000 duine teitheadh as an gceantar.[2] Bhí na milliúin eile gan chumhacht aibhléise ná uisce.[3]
Ní dóigh go ndearna an crith talún sin ró-dhochar do na himoibreoirí, ach lean an súnámaí agus milleadh an-chuid de chórais rialaithe na n-imoibreoirí.[2]
Na himoibreoirí
cuir in eagarSé imoibreoir a bhí i gceist: milleadh ceathrar cinn go hiomlán agus an dá cheann eile go holc. I lár thubaiste na dtuilte, cailleadh smacht de réir a chéile ar na himoibreoirí agus na humair fuaraithe don bhreosla ídithe sa stáisiún núicléach.
Trí lá i ndiaidh na tubaiste, bhí imní mhór faoi ghléasra núicléach Fukoshima, áit ar tharla an dara pléascadh hidrigine ar an lá sin. Rinneadh iarrachtaí móra tubaiste núicléach a sheachaint, mar shampla, phumpáil na hinnealtóirí uisce sáile isteach sna himoibreoirí in iarracht na slatra breosla a fhuarú.súnámaí.[3]
Tharla pléascanna sna humair seo agus i gcuid de na himoibreoirí, agus scaoileadh ábhair radaighníomhacha san aer. Leáigh cuid de na croíleacáin a chuir go mór le déine is troime an sceite.[2]
Iarmhairtí
cuir in eagarAslonnaíodh an pobal uile i bhfoisceacht 20-30km in 2011, agus fógraíodh fairsinge 20km timpeall uirthi sin mar theirceantar amach is amach.
Iontas na n-iontas, níl an damáiste fadtéarmach do shláinte na n-ainmhithe sa cheantar ró-dhona, is cosúil. Tá an zón eisiaimh beo le fiadhúlra anois (in 2023). Tá iontas ar eolaithe nach bhfuil an t-éilliú radaighníomhach ró-ard.[4][5]
I gcomparáid leis an Tubaiste núicléach Fukushima sa bhliain 2011, bhí líon na mbásanna díreacha níos airde in Searnóbail, ach bhí an truailliú radaighníomhach níos measa sa tSeapáin.[6]
Féach freisin
cuir in eagarTagairtí
cuir in eagar- ↑ BBC, 2012
- ↑ 2.0 2.1 2.2 Hussey, Matt (2011). "Fréamh an Eolais" (Coiscéim).
- ↑ 3.0 3.1 maynoothuniversity.ie (2017). "Vifax". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2024-03-11. Dáta rochtana: 2024.
- ↑ Alex K. T. Martin (2023-03-05). "In the shadow of the Fukushima disaster, an unusual experiment in rewilding" (en-US). The Japan Times. Dáta rochtana: 2023-03-12.
- ↑ Knowable Magazine. "Scientists can’t agree about Chernobyl’s impact on wildlife – ONE Only Natural Energy" (en-GB). Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2023-03-12. Dáta rochtana: 2023-03-12.
- ↑ "Comparison of the Chernobyl and Fukushima nuclear accidents" (as en) (2022-10-22). Wikipedia.